Beidh neart imeachtaí cultúrtha ag tarlú le linn na féile mar aon le siúlóidí, campaí samhraidh, ceol agus spóirt. Beidh Scoil Samhraidh á reáchtáil do dhaoine fásta ón 8 – 11 Iúil agus beidh deis iontach d’fhoghlaimeoirí an Ghaeilge a chleachtadh le rang bunleibhéil, meánleibhéil agus ardleibhéil.
Beidh campaí á reáchtáil idir 1 - 5 Iúil do dhaltaí bunscoile ó ranganna 1 -7, atá ag freastail ar Ghaelscoileanna. Anuas air seo, beidh campaí eile ar siúl ón 7 – 13 Iúil do dhaltaí nach bhfreastalaíonn ar Ghaelscoil.
Dar le Leonne Ní Loinnsigh, ball den choiste eagraithe, go bhfuil an fhéile ag dul ó neart go neart gach bliain le líon na ndaoine atá ag freastail ar na campaí ag méadú gach bliain. Deir sí go bhfuil réimse leathan imeachtaí ar siúl mar chuid de na campaí samhraidh amhail ceol, siamsaíocht, damhsa traidisiúnta agus cluichí foirne.
Ar an Domhnach, 7 Iúil, beidh lá spraoi teaghlaigh á eagrú agus beidh neart imeachtaí spóirt agus spraoi le marcaíocht pónaí, aeraíocht, cluichí agus go leor eile.
Ar an Aoine, 12 Iúil, beidh rás Sliabh Chairn Tóchair ar siúl le barbaiciú agus ceolchoirm le siamsaíocht áitiúil ina dhiaidh.
Tá clár cuimsitheach d’imeachtaí ar siúl le linn na féile. Is féidir teagmháil a dhéanamh le lucht eagraithe na féile trí ríomhphost a sheoladh chuig: info@ancam.org nó glaoch a chur ar: 028 7954 9978.
© Foilsithe ar Gaelport.com 13 Meitheamh 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas
Seoladh Cearta agus Ceiliúradh 2013
Scoláireacht Uisce ar Do Ghuth
Infheistíocht de €1.2M do chláir nua ar TG4
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge