Beidh an t-amhránaí aitheanta Máire Ní Bhraonáin ón mbanna ceoil clúiteach Clannad agus an cruitire aitheanta Cormac De Barra ag rith Voices and Harps, ceardlanna deireadh seachtaine, idir 21 agus 24 Meitheamh.
Beidh na ceardlanna ar siúl in Ionad Naomh Pádraig, Gaoth Dobhair, Bun Beag, Leitir Ceanainn, Tir Chonaill agus beidh dinnéar agus siamsaíocht an tráthnóna ar siúl i dTeach Tábhairne LEO’S. Tá sampla ó Cheardlann 2011 le feiceáil thíos:
Thar an deireadh seachtaine chomh maith seolfar ‘Affinity’, dlúthdhiosca nua le Máire Ní Bhraonáin agus Cormac De Barra, ar an Satharn, 22 Meitheamh. Tá costas iomlán de €325 ar an gceardlann.
Tagann Máire Ní Bhraonáin agus Cormac de Barra ó theaghlaigh cheolmhara. Tá an comh-mheas eatarthu le feiceáil sa gcaoi a chruthaíonn siad glór binn.
Tá Grammy buaite ag Máire cheanna féin, agus ainmníodh í do Grammy eile agus Gradam Emmy chomh maith. Is minic atá sí ar an stáitse le daoine aitheanta, agus tá ceol curtha aici le scannáin ar nós Titanic agus King Arthur.
Tá na blianta caite ag an seinnteoir ildánach Cormac ag taisteal an domhain, idir sheinm agus mhúineadh na cruite, tá cáil dhomhanda bainte amach aige anois.
Tá tuilleadh eolais ar an gceardlann ag www.voicesandharps.com; agus tá níos mó eolais ar na himeachtaí cultúrtha, siamsaíocht agus ranganna ar fad a bhíonn ar siúl in Ionad Naomh Padraig ar fáil ó Mháire no Annelene ag 074 9532949, nó téigh chuig www.ionadnp.ie.
© Foilsithe ar Gaelport.com 18 Meitheamh 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
As na Nuachtáin: Gaeltacht v Gaeltacht
Infheistíocht de €1.2M do chláir nua ar TG4
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge