Mar chuid de Lá idirnáisiúnta an Cheoil an Aoine seo chugainn, 21 Meitheamh 2013 tá Na Píobairí Uilleann ag reáchtáil “Try the Pipes”. Seo ócáidí éagsúla timpeall na tíre agus beidh deis ag an bpobal an Phíb Uilleann a sheinm agus cúnamh a fháil ó phíobairí den scoth agus beidh míle fáilte roimh gach aoisghrúpa páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus ceiliúradh á dhéanamh ar an bPíb Uilleann mar uirlis speisialta ar an lá.
Beidh na Na Píobairí Uilleann ag reáchtáil “Try the Pipes”. Seo ócáidí éagsúla in Ionad Chultúrtha Séamus Ennis, An Aill i gCo. Átha Cliath áit a mbeidh Bill Haneman & Conor Roche-Lancaster ag cur comhairle ar dhaoine.
I gCathair na Gaillimhe beidh an píobaire cumasach as iarthar na Gaillimhe Pádraic Keane & Marion McCarthy i láthair ag ionad siopadóireachta na Faiche Móire idir 5-7i.n. i gCo. Laoise beidh na píobairí Joe Walsh & Paddy Hyland i láthair ansin ag an ionad siopadóireachta i bPort Laoise idir 3.30-5.30pm.
I gCo. Lú beidh an ócáid á reáchtáil ag ionad siopadóireachta Marshes in Dún Dealgan idir 2-4pm áit a mbeidh Mark Redmond & a chairde ar fáil chun comhairle a chur ar dhaoine.
I gCúige Mumhan agus ar dtús báire i Luimneach beidh ócáid ag Limerick Milk Market idir 1:00pm agus 3pm le Mickey Dunne, Máire Ní Ghráda agus Susan Mulcahy agus ag bogadh níos faide ó dheas beidh deis ag an bpobal freastal ar a leithéid d’ócáid in ionad siopadóireachta Chearnóg na Cathrach i bPort Láirge ón 2-5pm i gcuideachta Phíobairí Phort Láirge.
Tá stair ar leith ag baint leis an bPíb Uilleann mar uirlis sa tíre seo. Deirtear gur tháinig an chéad Phíb Uilleann chuig an tír seo i dtús an ochtú haois déag. Tá an-bhaint ag an píb Uilleann le ceol na hÉireann agus chuir daoine amhail Séamus Ennis agus Willie Clancy agus grúpaí móra eile le rá ar nós The Chieftains, Planxty, The Bothy Band, Moving Hearts, Ceoltóirí Chualainn an uirlis ar an léarscáil ar fud na cruinne.
Tá fuaim na Píbe aitheanta agus le cloisteáil ar fud an domhain mhóir agus tá an-mheas ag daoine air agus is minic a úsáidtear é i scannáin agus léiríodh an Phíb i scannáin ar nós Titanic, Braveheart agus Rob Roy.
Bunaíodh Na Píobairí Uilleann sa bhliain 1968 chun ceird na Píbe a bhí faoi bhagairt ag an am a chaomhnú. Bíonn seisiún ceoil leis na Píobairí Uilleann i dTeach Tábhairne The Cobblestone i mBaile Átha Cliath ar an gcéad Mháirt de gach mí áit a dtagann ceoltóirí den scoth le chéile ag seinm ceol breá bríomhar traidisiúnta.
Anuas air seo, bíonn siad an-lárnach ag comhoibriú le féilte éagsúla timpeall na tíre agus thar lear, mar shampla Scoil Samhraidh Willie Clancy.
Eagraíonn siad ceolchoirmeacha den scoth san Ardchathair dar teideal The Ace & Deuce of Piping, ceardlainne ar dhéantús na píbe mar aon le go leor eile.
Níl aon chostas ar fhreastal ar na hócáidí ar an lá – Bígí páirteach in imeachtaí Lá Idirnáisiúnta an Cheoil an Aoine seo.
Tá tuilleadh eolais maidir le tionscadail eile Na Píobairí Uilleann ar fáil ar: www.pipers.ie.
© Foilsithe ar Gaelport.com 18 Meitheamh 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Seoladh Cearta agus Ceiliúradh 2013
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge