Beimid ag tabhairt amach cóip de na leabhair Nasc na Fola agus bailiúcháin d’Agallaimh Bheirte ghreannmhara Inis seo dom! agus Siar agus Aniar.
Scéal den scoth atá sa leabhar ‘Nasc na Fola’ leis an údar Tomás Mac Síomóin. Nuair a sheolann na déagóirí Séamas agus Tomás Ó Dálaigh as Gaillimh chun na Spáinne le héalú ó dhaorsmacht na nGall in Éirinn san 18ú céad, is beag a shíleann siad go bhfuil sé i ndán dóibh lorg drámatúil a fhágáil ar stair oileán i bhfad i gcéin, Pórtó Ríce. Ach is amhlaidh a tharlaíonn. Sa scéal fírinneach seo, tá cur síos ar a gcuid eachtraí sa Spáinn agus i bPórtó Ríce agus ar an tslí ar chuir na deartháireacha agus deoraithe Gaelacha eile le cosaint is le rathúnas Phórtó Ríce, a dtír nua.
Trí agallamh beirte atá sna leabhair ‘Inis seo dom’ agus ‘Siar agus Aniar’. Foilsíodh an dá bhailiúchán seo mar chuid den tionscadal, Séideán Sí agus tá páirt lárnach ag an ngreann i ngach uile cheann acu. Saothair ghairide iad ach cuimhneoidh tú orthu le fada an lá!
Bainfidh an léitheoir, idir óg is aosta, sult as an ngreann agus as an gcaint dheisbhéalach fhileata atá sna hagallaimh seo.
Léiriú cruinn atá ann ar conas mar a ghineann an t-idirlíon andúil agus b’fhéidir gur féidir linn go léir é sin a thuiscint ó am go ham.
Ceist na seachtaine seo:
Cén comhlacht foilseacháin a d’fhoilsigh an leabhar Nasc na Fola?
• Futa Fata
• Cló Iar-Chonnacht
• An Gúm
• Cló Mhaigh Eo
Seol freagraí agus ainm do scoile chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 3 Iúil 2013 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.
Comhghairdeas le Domhnall Ó Broin a bhuaigh an duais san eagrán seo caite.
Táimid fíorbhuíoch de An Gúm a bhronn an duaiseanna iontacha seo orainn.
© Foilsithe ar Gaelport.com 18 Meitheamh 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Try the Pipes leis Na Píobairí Uilleann
Féile Charn Tóchair 2013
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge