Is féile é seo a dhéanann ceiliúradh ar shaol an taiscéalaí, Tom Crean. Is é téama na bliana seo ná ‘seasmhacht’.
Ar an Aoine, 21 Iúil, beidh paráid ag tosú taobh amuigh de thigh tábhairne in Abhainn na Scáil ‘The South Pole Inn’ ar 05:00pm. Níos déanaí beidh ceolchoirm damhsa ar siúl sa Halla Spóirt in Abhainn na Scáil.
Ar an Satharn, 22 Iúil, beidh siúlóid seasmhachta seacht míle dhéag, ag tosú ar 08:00am le barbaiciú ina dhiaidh. Ar 02:00pm beidh siúlóid Tom Crean ar siúl mar aon le caint faoin taiscéalaí ón údar Michael Smith ag caisleán na Minairde. Níos déanaí beidh siamsaíocht le Aidan Dooley lena léiriú aonair ar shaol Tom Crean. Críochnóidh an oíche le ceol ó na ‘The Jolly Ramblers’.
Ar an Domhnach, 23 Iúil tosóidh siúlóid Tom Crean ag meán lae. Beidh lá spraoi teaghlaigh á eagrú agus beidh neart imeachtaí spraoi ar siúl le ceolchoirm damhsa agus seó puipéad. Beidh siamsaíocht le ceoltóirí áitiúla ar siúl um thráthnóna le Séan Prior.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le lucht eagraithe na féile trí ríomhphost a sheoladh chuig: southpoleinn@hotmail.com nó tomcreanfestival@outlook.com.
© Foilsithe ar Gaelport.com 18 Meitheamh 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Leabhair ghleoite a d’fhoilsigh An Gúm le buachan
Try the Pipes leis Na Píobairí Uilleann
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge