Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

An ann d’Acht Gaeilge Thuaisceart Éireann go fóill?

$
0
0

Tá molta ag an gComhchoiste um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta go gcuirfí amscála in áit ar bhonn práinne i leith Acht na Gaeilge Thuaisceart Éireann.

Gealladh an Ghaeilge a chaomhnú, a fhorbairt agus a chur chun cinn mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta agus ba ghealltanas soiléir é cur i bhfeidhm reachtaíocht teanga faoi Chomhaontú Chill Rímhinn.

Chuir an Comhchoiste um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta fáilte roimh ionadaí ó Pobal, Misean Oirthear Bhéal Feirste, Glór na nGael agus Iontaobhas Ultach an tseachtain seo caite nuair a pléadh cur chun cinn na Gaeilge sa Tuaisceart ó chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe in 2008, le béim ar leith ar chúrsaí reachtaíochta teanga.

Maíodh le linn an chruinnithe go bhfuil géarghá le reachtaíocht teanga chuimsitheach ó Thuaidh le freastal ar chearta agus ar riachtanais laethúla phobal na Gaeilge.

Dúirt Janet Muller, Príomhfheidhmeannach Pobal, go bhfuil sé in am brú suntasach a chur ar an dá Rialtas a ngealltanais i leith na Gaeilge a chomhlíonadh agus gur gá Acht na Gaeilge a bhrú mar thosaíocht ar Rialtas na Breataine go háirithe. 

Cuireadh in iúl go n-aithníonn Rialtas na Breataine an Bhreatnais agus an Ghàidhlig mar theangacha cosanta agus cé go bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla i ndeisceart na hÉireann, agus aitheantas oifigiúil ag an nGaeilge san Aontas Eorpach, tá sé fós mídhleathach an Ghaeilge a úsáid i gCúirt an Tuaiscirt. 

Aithníodh go bhfuil dúshláin ar leith ag baint le cúrsaí Gaeilge ó Thuaidh agus cé gur moladh iarrachtaí an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta (DCAL), cáineadh staid oifigiúil na Gaeilge ó Thuaidh.  Léiríodh an-amhras maidir le maoiniú leanúnach an Chiste Craoltóireachta Gaeilge agus tarraingíodh aird ar chur chuige diúltach an Fhorais um Chláir Speisialta an Aontas Eorpaigh (SEUPB) i leith na Gaeilge.

Mhaígh Pobal, Glór na nGael agus Iontaobhas Ultach go bhfuil sé ina am don dá Rialtas a ngealltanais i dtaobh cheist na Gaeilge ó Thuaidh a chomhlíonadh agus gurb í an chéad mhórchéim ná amscála a leagadh síos d’Acht na Gaeilge.

Aithníodh ag an gcruinniú go mbeidh cur chuige ar leith i gceist le hAcht na Gaeilge a bhunú ó Thuaidh agus leagadh an-bhéim ar thábhacht na cuimsitheachta in aon reachtaíocht a chuirfear i bhfeidhm. 

Ach mhaígh Linda Ervine, Oifigeach Forbartha Gaeilge ag Misean Oirthear Bhéal Feirste, go ndéanfadh aon reachtaíocht an-dochar don teanga dá gcuirfí i bhfeidhm róluath í. 

Dúirt Ervine go bhfuil mar chuspóir ag Misean Oirthear Bhéal Feirste feasacht teanga a spreagadh i measc mhuintir Phrotastúnach an Tuaiscirt, obair atá ar bun cheana féin san ionad atá lonnaithe i gceantar Bhóthar na Seanchille. 

Dúradh go bhfuil ag éirí go hiontach le hobair an Mhisin go dtí seo le breis is 100 duine ag glacadh páirte sna ranganna seachtainiúla agus go bhfuil an feachtas á leathnú amach ar fud an Tuaiscirt trí shraith cainteanna a reáchtáil agus neart foilseachán a chur ar fáil. 

D’aontaigh sí go bhfuil géarghá le reachtaíocht a chur in áit, ach gur gá muintir Phrotastúnach an Tuaiscirt a mhealladh chuig an nGaeilge roimh ré ionas go bhfeidhmeodh aon reachtaíocht a chuirfear in áit i gceart. 

Tá sé i gceist ag an Misean an Ghaeilge a oscailt don phobal Protastúnach trí chúrsaí polaitíochta a bhaint di, agus tá an-obair ar bun cheana féin, ach deir Ervine nach bhfuil tráth na gcinntí tagtha go fóill.

Cé gur thuig Pobal, Iontaobhas Ultach agus Glór na nGael  seasamh Mhisean Bhéal Feirste Thoir ar an ábhar, dúradh go ndéanfaí dípholaitiú ar an teanga trí stádas oifigiúil a thabhairt di agus bheifí in ann aghaidh a thabhairt ar chúrsaí feasachta agus cuimsiúcháin láithreach dá leagfaí amach amscála cinnte don phróiseas.
 
© Foilsithe ar Gaelport.com 18 Meitheamh 2013
 
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas

Tuairimí an phobail maidir le léitheoireacht Ghaeilge á lorg ag Foras na Gaeilge

Féile Tom Crean 2013

Seoladh Cearta agus Ceiliúradh 2013
 
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>