Tá Marc Ó Sé as Co. Chiarraí; Neil McGee as Co. Dhún na nGall; Joe Canning as Co. na Gaillimhe agus Ciarán Kilkenny as Baile Átha Cliath ag glacadh páirte san fheachtas.
Aidhm an fheachtais ná an dlúthchaidreamh idir an Ghaeilge agus an Cumann Lúthchleas Gael a léiriú, agus cuideoidh iarrachtaí na n-imreoirí aitheanta go mór le cur chun cinn na Gaeilge. Craolfar míreanna físe ar scáileáin mhóra i bpáirceanna imeartha timpeall na tíre roimh chluichí i mbliana. Tráchtann na himreoirí sna físeáin ar an úsáid a bhaineann siad féin as an nGaeilge, agus tugann siad an dúshlán gur linn ár dteanga, agus go bhfuil an rogha againn í a labhairt.
Dúirt Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Liam Ó Néill: “Tá ról tábhachtach ag Cumann Lúthchleas Gael sa tacaíocht a thugtar don teanga sna gníomhaíochtaí éagsúla a bhíonn ar siúl againn agus léiríonn an tionscadal seo go soiléir an ceangal atá idir ár gcluichí agus ár gcultúr”.
Dar leis, “Go bhfuil ceangal idir cluichí agus an teanga, ceangal idir scoileanna náisiúnta, cluichí náisiúnta agus teanga náisiúnta, is rud nádúrtha é an ceangal sin a dhéanamh, i gcónaí ag cruthú gur féidir le duine le beagáinín Gaeilge an Ghaeilge sin a labhairt”.
© Foilsithe ar Gaelport.com 18 Meitheamh 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Bain cáilíocht sa Ghaeilge amach ag tosú i mí Mheán Fómhair
An ann d’Acht Gaeilge Thuaisceart Éireann go fóill?
Tuairimí an phobail maidir le léitheoireacht Ghaeilge á lorg ag Foras na Gaeilge
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge