Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Dianchúrsaí Gaeilge le hAcadamh na hOllscolaíochta

$
0
0

Tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua, ag reáchtáil dianchúrsaí Gaeilge seachtainiúla agus coicísiúla ón 1 – 12 Iúil 2013.

Is do dhaoine fásta na cúrsaí seo - ceann ar fáil do dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil ach nach bhfuil an teanga á chleachtadh acu le roinnt mhaith anuas; ceann d’foghlaimeoirí a bhfuil dianstaidéar déanta acu ar an nGaeilge le déanaí; agus ceann eile do dhaoine le hachmhainn comhráiteach ach ar mian leo cur lena gcumas gramadaí agus stór focal. De bharr go mbeidh na cúrsaí lonnaithe sa Cheathrú Rua, tabharfar an deis d’fhoghlaimeoirí a gcumas Gaeilge a chleachtadh go neamhfhoirmiúil agus go nádúrtha I gcroílár na Gaeltachta.

Is féidir clárú trí ghlaoch a chur ar 091-595101; nó ríomhphost a sheoladh chuig cursaigaeilge@oegaillimh.ieTá tuilleadh eolais maidir leis na dianchúrsaí ar fáil ar shuíomh idirlín an Acadaimh ar www.oegaillimh.ie/acadamh.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 19 Meitheamh 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Bain cáilíocht sa Ghaeilge amach ag tosú i mí Mheán Fómhair

Cúrsaí: Bunchúrsa Garchabhrach le Gaeilge Locha Riach

Tuairimí an phobail maidir le léitheoireacht Ghaeilge á lorg ag Foras na Gaeilge

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>