Tá Bord Scannán na hÉireann ag glacadh le hiarratais don chéad bhabhta eile den scéim mhaoinithe scannánaíochta Ghaeilge, ‘Gearrscannáin’.
Tá sé mar aidhm ag an scéim scannánóirí úra a spreagadh le gearrscannáin nuálacha a shaothrú a bheadh oiriúnach do lucht féachana faoi bhun aois 15. Ba chóir go mbeadh suim ag gach sórt aoisghrúpa in ábhar na ngearrscannán.
Cruthaíodh saothair aitheanta thar na blianta mar chuid den scéim – ‘Yu Ming is Ainm Dom’, ‘Lipservice’, ‘Cáca Milis’, ‘Rolla Saor’ agus ‘New Boy’ ina measc agus tá an gearrscannán ‘Clare sa Spéir’ in úsáid mar acmhainn fhoghlama ar shiollabas na hArdteiste.
Cuirfear maoiniú ar luach €10,000 an ceann ar fáil le haghaidh 2 gearrscannán ar fhad 8 nóim i mbliana agus glacfar le hiarratais scríofa i nGaeilge amháin.
Is gá d’iarrthóirí a léiriú go bhfuil saothar scannánaíochta curtha i gcrích acu cheana féin, nach ábhar ollscoile atá ann, agus ní ghlacfar le hiarratais ó mhic léinn lán-aimseartha. Is é 26 Iúil an spriocdháta le haghaidh iarratas.
Beidh an focal scoir ag painéal de mholtóirí a bheidh curtha le chéile ag Bord Scannán na hÉireann. Tá tuilleadh eolais ar an scéim mar aon le rialacha ar fáil ar shuíomh gréasáin Bhord Scannán na hÉireann.
© Foilsithe ar Gaelport.com 21 Meitheamh 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Tá sé déanta ag Coláiste Lurgan arís
Físeáin agus Feachtas Gaeilge nua ag an CLG
Bain cáilíocht sa Ghaeilge amach ag tosú i mí Mheán Fómhair
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge