Chuir an Gaelic Café tús leis an gcéad sheisiún amhránaíochta san Astráil an tseachtain seo caite.
Is in Surry Hills, Sydney, a bhí an seisiún ar siúl, agus cuireadh fáilte roimh chách teacht le hamhrán a chasadh nó suí siar agus éisteacht leis an gceol binn.
Bhí sé mar aidhm ag Scoil na Gaeilge Sydney an oíche a reáchtáil, i gClub Gaelach Sydney, le deis a thabhairt do dhaoine amhráin Ghaeilge a roinnt lena chéile.
Roghnaíodh oíche ghrianstad an gheimhridh san Astráil, Dé hAoine 21 Meitheamh, chun an seisiún a a reáchtáil chun go mbeadh na rannpháirtithe ag súil le laethanta níos faide arís.
Is é 'Oíche na Gaeilge' an chéad ócáid eile a bheidh á reáchtáil ag Scoil na Gaeilge Sydney ar 1 Iúil, ina mbeidh neart comhrá Gaeilge ag dul ar aghaidh, agus sólaistí ar fáil.
Tá tuilleadh eolais ar an Gaelic Café, agus ar Scoil na Gaeilge Sydney ar fáil ar www.irishlanguageschoolsydney.org.au.
Do dhuine ar bith atá lonnaithe san Ástráil, is é seo seoladh na scoile: The Gaelic Club, 64 Devonshire Street, Surry Hills, Sydney, AU.
© Foilsithe ar Gaelport.com 25 Meitheamh 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Tá sé déanta ag Coláiste Lurgan arís
‘Gearrscannáin’ ag glacadh le hiarratais
‘Lúrapóg Larapóg’ - seó ardáin úr do pháistí
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge