Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

‘Cuisle an Cheoil’ - Scoil cheoil nua-aimseartha Gaelach

$
0
0
Reáchtálfaidh POBAL, scátheagras phobal na Gaeilge, an chéad scoil cheoil nua-aimseartha Gaelach do dhaltaí meánscoile. Is é ‘Cuisle an Cheoil’ teideal na scoile agus beidh sí ar siúl ó 1 – 5 Iúil 2013 i gColáiste Feirste, Páirc Ard na bhFeá, Béal Feirste.

Beidh ard-ranganna ceoil ar siúl sa scoil trí mheán na Gaeilge, le ceoltóirí aitheanta mar aon le ceardlanna éagsúla ag díriú ar na gnéithe éagsúla de thionscal an cheoil. Beidh na ceardlanna seo ag díriú ar na gnéithe seo a leanas: margaíocht sna meáin shóisialta, innealtóireacht fhuaime, gnó sa cheol, na buntáistí agus míbhuntáistí a bhaineann leis an tslí bheatha chomh maith le léiriúchán ceoil.

Tá an scoil seo dírithe ar pháistí meánscoile idir 11 agus 18 bliana d’aois a bhfuil Gaeilge acu. Cosnaíonn sé £10 do pháiste amháin, £15 do bheirt in aon chlann amháin nó £20 do thriúr as an gclann céanna.

Dar le Micheál Mac Giolla Gunna, Príomhoide Choláiste Feirste: ‘Tá sé d’aidhm ag Coláiste Feirste ár ndaoine óga a spreagadh le bheith ina mbaill bhríomhara de phobal na Gaeilge.  Tá lúcháir orainn go mbeidh an deis iontach seo acu a gcuid scileanna agus tuisceana faoin cheol a chothú ar féidir leo a thabhairt don phobal mar lucht éisteachta agus mar chleachtóirí ceoil.’

Beidh na spásanna teoranta don scoil agus moltar do na daltaí clárú go luath. Is féidir clárú trí theagmháil a dhéanamh le Cormac in POBAL: ofe@pobal.org nó glaoch a chur ar: (0044) - (0)28-90438132. 

© Foilsithe ar Gaelport.com 25 Meitheamh 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

‘Gearrscannáin’ ag glacadh le hiarratais

Dianchúrsa Gaeilge i gCo. Thír Eoghain

An ann d’Acht Gaeilge Thuaisceart Éireann go fóill?

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945