Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

‘Is álainn í an Ghaeltacht’

$
0
0
Tá comórtas grianghrafadóireachta nua fógartha ag Údarás na Gaeltachta agus cuirfear duais ar luach €500 ar fáil. Ainm an chomórtais ná ‘Is álainn í an Ghaeltacht’ as táthar ag lorg iontrálacha a léiríonn an saol sa Ghaeltacht in Éirinn. Beidh an comórtas ar siúl i rith mhí Lúnasa agus fógrófar an buaiteoir ar leathanach Facebook an Údaráis i mí Meán Fómhair 2013.

Is cuid thábhachtach d’oidhreacht na tíre é saol na Gaeltachta agus tá Údarás na Gaeltachta ag súil go ndéanfaidh iontrálacha an chomórtais a léiriú gur áit álainn í le cónaí, le hoibriú, le dul ar saoire agus le gnó a dhéanamh ann. Táthar ag lorg grianghraf a thugann léargas ar radhairc, phobail, chultúir, thraidisiúin, oidhreacht, spraoi, féilte/imeachtaí, úsáid teanga, nó aon rud eile a thugann léargas ar cheantar agus ar shaol na Gaeltachta.

Is é spriocdháta  an chomórtais ná 19 Lúnasa 2013 agus fógrófar gearrliosta thart ar 26 Lúnasa 2013. Ina dhiaidh sin, iarrfar ar an bpobal vóta a chaitheamh trí ‘like’ a thabhairt don ghrianghraf is fearr leo ar Facebook.

Roghnófar an buaiteoir trí vóta an phobail chomh maith le marcanna ó phainéal de mholtóirí. Bronnfar duais ar an trí grianghraf is fearr; €500 don chéad áit, €250 don dara háit agus €100 don tríú háit.

Fógrófar an buaiteoir ar Facebook idir 9 – 13 Meán Fómhair 2013.

Tá an fhoirm iarratais agus níos mó eolais faoin gcomórtas le fáil ar shuíomh gréasán an Údarás ag: www.udaras.ie 

© Foilsithe ar Gaelport.com 3 Iúil 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

An Samhradh Linn ar ais ar ár scáileáin

Féilte agus imeachtaí cultúrtha go forleathan

An dlúthdhiosca gleoite ‘Affinity’ le buachan

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>