Tosóidh an chéad sraith eile den chlár ‘An Samhradh Linn’ an Déardaoin beag seo 4 Iúil ar TG4.
Is é seo an tríú séasúr den chlár bríomhar curtha i láthair ag Síle Ní Bhraonáin agus í ag taisteal timpeall na tíre.
Taistileoidh Síle agus criú An Samhradh Linn go contae éagsúil gach seachtain ar thóir scoth an cheoil, bia agus scéalaíochta. Chomh maith leis sin aimseofar an tallann is úire ó thaobh an amhránaíochta agus an rince de agus beidh rinceoirí agus ceoltóirí aitheanta le feiceáil gach seachtain.
Is cuid mhór de shaol an déagóra é tréimhse a chaitheamh i gcoláiste samhraidh agus tabharfaidh an clár cuairt ar choláistí éagsúla timpeall na tíre le spraoi agus fuinneamh na scoláirí a fheiceáil agus iad lonnaithe sa saol Gaelach.
Caithfear súil freisin ar na ní is díol spéise do mhuintir na hÉireann agus iad ar saoire in áiteanna ar fud na tíre idir ionaid thurasóireachta, áiteanna oidhreachta agus imeachtaí gan táille.
Sa chéad chlár den sraith úr tabharfar cuairt ar Dhún na nGall áit a gcasfar ar cheoltóirí Martin McGinley agus Róna McLaughlin i McCafferty's Bar. Cloisfear freisin ón bhfeadánaí aitheanta Michael Carey agus beidh cur i láthair ar an sean-nós le feiceáil ó Kathleen O’Donnell.
Tabharfaidh An Samhradh Linn cuairt ar Theach Gléibe i Leitir Ceanainn in éineacht le Caitlín Nic Aoidh agus Seán Ó Baoill áit a bhfuil ionad an ealaíontóra Derek Hill lonnaithe. Chomh maith leis sin casfaidh Síle le Kate Buchanan sa chaifé The Quiet Moment Tea Rooms, chun ceapaire ar a bhfuil clú agus cáil a bhlaiseadh.
Buailfidh An Samhradh Linn isteach ar Choláiste na Rosann in Anagaire, chun casadh leis na scoláirí ann agus iad ag caitheamh an tsamhraidh mar fhoghlaimeoirí Gaeilge.
Beidh An Samhradh Linn le feiceáil ar TG4 gach Déardaoin ó 4 Iúil ag 8.30pm, agus ar líne ar www.tg4.tv
© Foilsithe ar Gaelport.com 2 Iúil 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Nasc gnó Gaelach idir Éirinn agus Albain
Féilte agus imeachtaí cultúrtha go forleathan
Féile TraidPhicnic an Spidéil
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge