Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Nasc gnó Gaelach idir Éirinn agus Albain

$
0
0
Seoladh Connect G, tionscadal chun nasc a chruthú idir gnólachtaí ag feidhmiú trí Ghaeilge agus trí Ghàidhlig le déanaí. Seoladh an tionscadal ag comhdháil idirnáisiúnta na gComharsan Ceilteacha a reáchtáladh i Sabhal Mòr Ostaig, an tEilean Sgitheanach, Albain.  Príomhthéama na comhdhála ab ea “an méid is mó a fháil as ár dteangacha Gaeilge”.

Is comhaontú comhpháirtíochta é an tionscadal idir Sabhal Mòr Ostaig, Alba, Cultúrlann McAdam Ó Fiach, Tuaisceart Éireann agus Údarás na Gaeltachta, Éire. Cuirtear milliún punt ar fáil d’fhás agus d’fhorbairt comhlachtaí atá ag feidhmiú trí Ghaeilge agus trí Ghàidhlig.

Cuirfidh Connect G tacaíocht ar fáil don earnáil turasóireachta, d’fhiontraíocht na meán agus d’eagraíochtaí sóisialta thar thréimhse dhá bhliain, agus tá an tionscadal tacaithe agus maoinithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa INTERREGIVA, Bòrd na Gàidhlig, MG ALBA, Rialtas na hAlban agus Sabhal Mòr Ostaig.

Ag caint ag an gComhdháil le déanaí, dúirt cathaoirleach ghrúpa stiúrtha Connect G Donnie Munro “Tá obair déanta againn le roinnt blianta chun an tionscadal seo a fhorbairt agus tá áthas orainn a fheiceáil anois go bhfuil toradh ar an obair sin. Creidimid go gcuirfidh sé deiseanna tábhachtacha ar fáil do réimse leathan fiontar sna trí cheantar agus go n-éascóidh sé fás in úsáid teanga i ngnó”.

Labhair Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta faoi thábhacht an Údaráis i leith an tionscadail, “Fáiltímid roimh an deis oibriú agus comhoibriú le Sabhal Mòr Ostaig agus Cultúrlann McAdam Ó Fiach agus leis na gníomhaireachtaí eile chun na buntáistí eacnamaíochta agus cultúrtha a bhaineann le huasmhéadú úsáid na Gaeilge ina ngnó, a léiriú d’fhiontair”.

Tá tuilleadh eolais maidir le Connect G ar fáil ag www.seupb.eu.

© Foilsithe ar Gaelport.com 2 Iúil 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

An dlúthdhiosca gleoite ‘Affinity’ le buachan

Ó Bheal - léamh filíochta le Mícheál Ó Ruairc

Aisteoirí an Lóchrainn, Ceatharlach ar Árainn Mhór

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>