Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Féilte agus imeachtaí cultúrtha go forleathan

$
0
0

Arís i mbliana beidh go leor féilte agus imeachtaí éagsúla á reáchtáil timpeall na tíre i rith an tsamhraidh. 

Is minic a bhíonn traidisiún agus ceangal an-láidir ag na féilte agus na hÉigsí seo leis na ceantair ina mbíonn siad, leis an gceol traidisiúnta, an damhsa agus ar ndóigh le nár dteanga dhúchais agus muid ag ceiliúradh Bliain na Gaeilge i mbliana.

Bíonn  craic, scléip, drámaíocht, damhsa, ceardlanna, taispeántais cheardaíochta, seó do phaistí, litríocht, siamsaíocht agus neart ceoil thraidisiúnta chomh maith le go leor imeachtaí cultúrtha eile ar siúl ag na féilte móra seo.

Inné cuireadh tús le Féile Charn Tóchair na bliana seo i gCarn Tóchair, Doire agus leanfar leis na himeachtaí go dtí an 14 Iúil. Ar ndóigh tá Doire ag ceiliúradh ‘cathair chultúrtha’ i mbliana agus tá clár iontach leathan d’imeachtaí leagtha amach acu don cheiliúradh mór seo . Anuas air sin beidh Fleadh Cheoil na hÉireann na bliana seo á reáchtáil i nDoire ón 11-18 Lúnasa. 

Tá lúcháir ar Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire go mbeidh na hamhránaithe Gàidhlig agus ceoltóirí Albanacha as Oileán Uibhist a Deas Kathleen MacInnes, Mhairi Hall, Mike Vaas & Sìneag Nic an t-Saoir sa Chultúrlann ar an 25 Iúil 2013.

Ag fanacht i gCúige Uladh beidh Féile Soilse Thoraí ar siúl in Oileán Thoraí  i dThír Chonaill i gceann coicíse agus tá an fhéile seo á reáchtáil ag an gcoiste áitiúil i gcomhthráth  le Féile Ealaíne An Earagail - féile atá faoin lá seoil ó lár na míosa seo caite ach a bheidh ar siúl in ionaid éagsúla ar fud Thír Chonaill go dtí 21 Iúil 2013.. 

Ón 8-12 de mhí Lúnasa beidh Loinneog Lúnasa ar siúl thar tréimhse deireadh seachtaine agus díreoidh Loinneog Lúnasa na bliana seo ar cheol, amhráin agus stíl ghlan ghlas Ghaoth Dobhair.

I gCúige Laighean beidh An Chúirt Chruitireachta, Féile bhliantúil atá dírithe ar chláirseoirí, á reáchtáil ag Cairde na Cruite go dtí an Aoine 5 Iúil i mbaile Thearmann Feichín i gCo. Lú.  Tá Na Steeple Sessions ar ais san Ardchathair arís an samhradh seo agus beidh deis iontach ag an bpobal a bheith faoi dhraíocht in Eaglais Úinitéireach ar Fhaiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath gach Máirt agus Déardaoin go dtí 22 Lúnasa 2013.

Ar ndóigh cuirfear tús le Scoil Samhraidh Willie Clancy na bliana seo i Sráid na Cathrach i gCo. An Chláir ar an Satharn seo agus leanfar leis an scléip agus leis an tsiamsaíocht ansin go lár na míosa seo.  Beidh Féile Idirnáisiúnta Ceoil An Fhiacail ar siúl i gCo. An Chláir chomh maith ón 07 - 12 Lúnasa áit a mbeidh céilithe agus ceolchoirmeacha den scoth i gcuideachta ceoltóirí ar nós Martin Hayes agus Dennis Cahill.

I gCúige Chonnacht agus ag dul chun farraige chomh fada le hOileáin Árainn beidh an veidhleadóir, cumadóir agus ball den bhanna ceoil clúiteach Na Frames, Colm Mac Con Iomaire i gcuideachta a bhanna ar stáitse in Áras Éanna in Inis Oírr ar Domhnach 14 Iúil.  Tá clár iontach d’imeachtaí beartaithe ag Áras Éanna le ceolchoirmeacha le daoine ar nós an fhonnadóra aitheanta Seán Keane , Na Deirfiúracha Kane as Leitir Fraic i gConamara, an grúpaí Lumiére, Laoise Kelly agus Katheen MacInness, Banna Féile John Carty  mar aon le go leor eile.

Ag fanacht an taobh sin tíre beidh Féile Ealaíon na Gaillimhe ar siúl i gcathair na Gaillimhe 15-28 Iúil le neart siamsaíochta agus imeachtaí éagsúla ar siúl sa chathair. Beidh Taibhdbhearc na Gaillimhe ag léiriú an dráma An Tíoránach Drogallach sa Taibhdbhearc mar chuid d’fhéile na bliana seo ón 16-20 Iúil. Seo aistriúchán ar dhráma le Tom Murphy ‘The last days of a reluctant tyrant’ d’aistrigh  Macdara Ó Fatharta an dráma go Gaeilge.

Le linn an tsamhraidh beidh neart sáile le feiceáil ag na báid agus na bádóirí go dtí go mbeidh na geallta bád thart i mí Mheán Fómhar. Tá féilte bád seoil á reáchtáil fud fad Chonamara arís an samhradh seo.

I gCúige Mumhan beidh beárbaiciú dátheangach á eagrú ag Gael-Taca sa Bowery ar 7pm ar an Aoine 19 Iúil 2013. Níos déanaí sa tráthnóna bronnfar Gradam Phádraig Uí Chuanacháin. Bronnfar an gradam seo ar an gComhlacht nó ar an nGnó is mó a chuireann an Ghaeilge chun cinn. Bhí Pádraig Ó Cuanacháin i measc bhunaitheoirí Ghael-Taca sa bhliain 1987 agus bhí dlúthbhaint aige ag an am céanna le bunú gaelscoileanna i gcathair agus i gcontae Chorcaí.

San fhómhar beidh Féile Scéalaíochta Chléire ar siúl ar Oileán Chléire ón Aoine, 6 Meán Fómhair go dtí an Domhnach 8 Meán Fómhair 2013 agus mar chuid lárnach den fhéile seo beidh Lá Scéalaíochta, Scoraíochta le neart imeachtaí Gaeilge beartaithe i gColáiste Chiáráin ar an  7 Meán Fómhair.

Beidh an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta ar siúl ón 17-25 Lúnasa 2013. Is féile bhliantúil í seo a eagraíonn an Chomhairle Oidhreachta. Beidh imeachtaí oidhreachta de gach cineál ar siúl le linn na seachtaine ar fud na tíre arís i mbliana agus is é cuspóir na féile ná ceiliúradh a dhéanamh ar oidhreacht shaibhir na tíre.

Níl thuas ach blaiseadh beag de chuid de na himeachtaí a bheidh ar siúl ar fud na tíre. 

Bíonn an t-eolas is déanaí faoi Fhéilte agus Imeachtaí eile ar fáil san Fhéilire ar gaelport.com. Má tá tú ag eagrú ócáide déan teagmháil linn trí ríomhphost a chur chuig eolas@gaelport.com

©Foilsithe ar Gaelport.com 2 Iúil 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Ó Bheal - léamh filíochta le Mícheál Ó Ruairc

An Spidéal TraidPhicnic Festival

An dlúthdhiosca gleoite ‘Affinity’ le buachan

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945