Seoladh an dlúthdhiosca nua seo dar teideal ‘Affinity’ i dTeach Tábhairne Leo’s i Mín na Leice ar An Croithlí, i dTír Chonaill breis is seachtain ó shin.
Tá meascán iontach de cheol agus d’amhráin dhraíochtacha ar an dlúthdhiosca gleoite seo le meascán iontach d’amhráin Ghaeilge agus Bhéarla. I measc na n-amhrán atá le cloisteáil tá Crúiscín Lán, Captain O'Kane, Seoithín Seo, Stóirín Rua, Ardaigh Cuan, Suas Síos mar aon le go leor eile.
Is minic a bhíonn an bheirt seo ar stáitse le chéile ag féilte éagsúla timpeall na tíre, ag féilte thar lear agus is e seo an dara halbam atá seolta acu ón gcomhoibriú draíochtach seo dar teideal Voices & Harps ina dtagann beirt amhránaithe agus ceoltóirí den scoth le chéile chun seoda ar leith a chur i mbéal an phobail.
Tá clú agus cáil dhomhanda ar Mháire Ní Bhraonáin mar amhránaí agus mar cheoltóir den scoth le blianta fada. Bhí sí ainmnithe i gcomhair dhá ghradam Grammy agus bhain sí gradam Emmy amach. Is minic a roinn sí an stáitse le laochra móra eile an cheoil agus í ag taisteal ar fud na cruinne. Chuir sí ceol le scannáin ar nós Titanic, To End All Wars agus King Arthur.
Ní ón ngaoth ná ón ngrian a thóg Cormac De Barra a chuid ceoil. Go deimhin bhí saibhreas fonnadóireachta agus an cheoil i gcónaí sa teaghlach agus tá Cormac ar an tríú glúin chun an chruit a thabhairt leis mar rogha d’uirlis cheoil agus bhí an-tionchar ag a sheanmháthair Róisín Ní Shé air agus é ag fás aníos i mBaile Átha Cliath. Anuas air a bheith ina cheoltóir den scoth is láithreoir teilifíse é agus rinne se staidéar ar an gcruit sna Stáit Aontaithe.
Ceist na seachtaine seo:
Cad as don cheoltóir Cormac De Barra ?
• An Uaimh
• Cill Airne
• Baile Átha Cliath
• Dún na nGall
Seol an freagra agus d’ainm chuig an seoladh ríomhphoist: duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 10 Iúil 2013 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.
Comhghairdeas le Pádraig Ó Cuinneagáin as Co. An Chabháin agus Siobhán Ní Mhuirthile as Luimneach a bhuaigh cóipeanna d’fhoilseacháin An Gúm san eagrán seo caite.
Tuilleadh eolais ag: www.voicesandharps.com
©Foilsithe ar Gaelport.com 2 Iúil 2013
Lean @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge