Reáchtálfar Féile TraidPhicnic an Spidéil i gContae na Gaillimhe ón 5-6 Iúil.
D’éirigh go hiontach leis an bhféile anuraidh agus is cinnte go ndeimhneoidh clár imeachtaí na bliana seo rath leanúnach na féile.
Déanfaidh an fhéile dhátheangach seo ceiliúradh ar chultúr agus ar thraidisiúin bhríomhara mhuintir na hÉireann trí theanga agus tríd an gceol traidisiúnta.
Seolfaidh an t-amhránaí aitheanta Charlie Lennon an TraidPhicnic ag 2pm ar an Aoine, 5 Iúil le seisiún de cheol poiblí ag a gcuirfear fáilte roimh chách páirt a ghlacadh.
Leanfaidh an TraidPhicnic ar aghaidh go dtí oíche Shathairn, le leithéidí Martin Hayes agus Kevin Crawford, Dordán, Eventide, The Bonny Men, Johnny Connolly, Marian Ní Chonghaile, Colm Gannon agus Harry Bradley, Seosamh Ó Neachtain, Toner Quinn agus Malachy Bourke, Emmet Gill agus Jesse Smith, Ciarán Ó Maonaigh, Caitlín Nic Gabhann agus Caoimhín Ó Fearghail ag seinm saor in aisce.
Tá go leor eile ag dul ar aghaidh le linn na féile mar shampla ceardlann drumadóireachta, seó puipéid, seisiún scéalaíochta, taispeántas ealaíne agus sníomh olla. Beidh múinteoirí den scoth ag reáchtáil ceardlann ceoil, damhsa agus amhránaíochta. Beidh seisiúin cheoil ar siúl sna tithe tábhairne áitiúla thar an deireadh seachtaine chomh maith – ag a m mbeidh fáilte roimh chách.
Cé go mbeidh ceolchoirmeacha na féile saor in aisce, bheadh Coiste an TraidPhicnic iomlán buíoch as ucht aon tabhartais.
Tá tuilleadh eolais ar an TraidPhicnic ar fáil ag www.traidphicnic.com, www.facebook.com/traidphicnic agus traidphicnic@gmail.com
©Foilsithe ar Gaelport.com 2 Iúil 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
‘Lúrapóg Larapóg’ - seó ardáin úr do pháistí
Ré na Gaeltachta digití buailte linn
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge