Bíonn oíche filíochta á reáchtáil i gCorcaigh gach oíche Luain. Gach seachtain bíonn file nua i láthair mar aoi speisialta chun píosa filíochta a aithris don lucht éisteachta agus beagán de chúlra na ndán a thabhairt.
Ar an Luan, 15 Iúil 2013 beidh oíche filíochta den scoth á eagrú ag Ó Bhéal i gcomhar le Foras na Gaeilge agus beidh an file cumasach Mícheál Ó Ruairc mar aoi speisialta ag an ócáid áirithe seo agus leanfar le seisiún de mhic oscailte.
Rugadh Mícheál Ó Ruairc i mBréanainn, sa Chlochán, i nGaeltacht an Leitriúigh in Iarthar Chiarraí atá laistíos den chnoc ó Dhaingean Uí Chúis. Tá cónaí air i mBaile Átha Cliath faoi láthair. Tá trí chnuasach filíochta i gcló aige agus foilsíodh an chéad cheann acusan, Fuil Samhraidh (Coiscéim), in 1987. Tá cnuasach amháin gearrscéalta agus dhá cheann déag d’úrscéalta i gcló aige sa Ghaeilge.
Tá cnuasach amháin filíochta Béarla foilsithe aige. Foilsíodh a chuid filíochta i nGaeilge agus i mBéarla . Anuas air seo bhuaigh sé an chéad duais do dhán as Gaeilge san 18ú Comórtas Filíochta Bliantúil Idirnáisiúnta eagraithe ag Comhairle Chontae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin sa bhliain 2007.
Bhuaigh a chnuasach gearrscéalta, Daoine a Itheann Daoine a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht in 2010 an chéad duais i gcomórtas an Oireachtais 2011. Tá neart duaiseanna eile buaite aige dá chuid úrscéalta freisin.
Cuirfear tú leis an oíche ag 9 nó 9.30pm agus beidh beár ar oscailt san ionad áit a mbeidh tae agus caife ar fáil.
Ionad:
The Hayloft, The Long Valley (thuas an staighre), Sráid Winthrop, Corcaigh.
Tuilleadh eolais maidir le hoícheanta filíochta i gCorcaigh : 085 712 6299 / www.obheal.ie
©Foilsithe ar Gaelport.com 2 Iúil 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
‘Lúrapóg Larapóg’ - seó ardáin úr do pháistí
Ré na Gaeltachta digitigh buailte linn
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge