Sheol an tAire Stáit Donnchadha Mac Fhionnlaoich T.D., leagan dátheangach ar líne den treoirleabhar Do Ghairm le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath le déanaí.
Tugann an treoirleabhar léargas cuimsitheach ar an réimse leathan gairmeacha le Gaeilge atá ann sa lá atá inniu ann.
Léirítear sa leabhar na deiseanna gairmiúla ar fad atá ann chun an Ghaeilge a úsáid, deiseanna nua-aimseartha atá tagtha chun cinn le roinnt blianta anuas san áireamh. Tabhharfar faoi deara, mar shampla, nach bhfuil na deiseanna chun an Ghaeilge a úsáid mar chuid den ghairm bheatha teoranta do cheantair Ghaeltachta amháin agus go bhfuil deiseanna nua ann chun an Ghaeilge a úsáid i do ghairm bheatha nach gcluinfí trácht orthu 5 bliana ó shin, ar nós forbróir aipeanna agus blagaire
Ag labhairt ag an seoladh, dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich go raibh sár-obair curtha i gcrích chun an iliomad deiseanna gairme a thaispeáint agus dúirt sé go raibh sé cinnte go rachadh an saothar go mór chun tairbhe ar gach duine a bhfuil suim acu post lárnaithe le Gaeilge a bhaint amach.
Luaigh an tAire Stáit chomh maith an tacaíocht a chuireann a Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar fáil do na hinstitiúidí tríú leibhéil chun rannpháirtithe a chumasú le cur isteach ar fholúntais mar riarthóirí, aistritheoirí dlíthiúla agus dlí-theangeolaithe le Gaeilge in Institiúidí an Aontais Eorpaigh. Dúirt sé go bhfuil deiseanna fostaíochta an-fhiúntach le fáil san earnáil seo anois.
Is é seo an dara eagrán dátheangach den leabhar atá curtha le chéile ag Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus AHECS i gcomhpháirtíocht le GTI Ireland.
© Foilsithe ar Gaelport.com 2 Iúil 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Ré na Gaeltachta digitigh buailte linn
Gradam Gnó na nDéise
‘Gearrscannáin’ ag glacadh le hiarratais
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge