Bronnadh Gradaim ar chúig chomhlachtaí lonnaithe in Iarthar Phort Láirge le déanaí mar aitheantas ar a gcuid iarrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn mar chuid dá ngnó.
Is comhfhiontar é Gradam Gnó na nDéise idir Comhlacht Forbartha na nDéise agus Comhairle Contae Phort Láirge a dhíríonn ar na buntáistí a bhaineann leis an nGaeilge a úsáid mar uirlis mhargaíochta agus bholscaireachta.
Rinneadh comhghairdeas leis na buaiteoirí agus rannpháirtithe uile an chomórtais ag ócáid speisialta a reáchtáladh i nDánlann Joan Clancy sa Rinn.
Bronnadh Gradaim agus duaischiste ar luach €2,000 i gceithre chatagóir éagsúil ar an oíche:
-
Seirbhís & Nuálaíocht (urraithe ag WLR FM): Ó Sealbhaigh – Nuachtánaí, Dún Garbhán.
-
Gnó Nua is Fearr (urraithe ag Beat FM): Sólás na Mara, Heilbhic, An Rinn.
-
Comharthaíocht & Ábhar Priontáilte (urraithe ag Údarás na Gaeltachta) - Comhbhuaiteoirí: Tigh Tábhairne Chrosaire Uí Chadhla (Kiely’s Cross Bar), An Ghráinseach agus Bygone Times, Sráid Mhuire, Dún Garbhán.
-
Fad-Seirbhís don nGaeilge (urraithe ag The Dungarvan Leader): Coláiste na Rinne, An Rinn.
Bronnadh Buan-Chorn Ghradam Gnó na nDéise den chéad uair i mbliana agus is ar Irial Mac Murchú a bronnadh é.
Ba á Cathaoirleach choiste eagraithe áitiúil Chomórtas Peile na Gaeltachta é Irial agus is aitheantas ar an obair eisceachtúil déanta aige ar son na Gaeilge i bPort Láirge le blianta anuas é an Gradam.
©Foilsithe ar Gaelport.com 27 Meitheamh 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Ré na Gaeltachta digitigh buailte linn
‘Cuisle an Cheoil’ - Scoil cheoil nua-aimseartha Gaelach
Amhránaíocht na Gaeilge imithe chomh fada leis an Astráil
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge