Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Fáinne le bronnadh ar Dhámhachtainí Gaeltachta de chuid Choimisiún Fulbright

$
0
0

Bronnfaidh an tAire Stáit don Ghaeltacht, Dinny McGinley T.D., Fáinne Óir ar Dhámhachtainí Gaeltachta de chuid Choimisiún Fulbright ag ócáid i nGleann Cholm Cille inniu ag 2pm.  Tá na mic léinn seo in Éirinn faoi láthair agus iad ag staidéar in Oideas Gael.

Is siombal é an fáinne den nasc pearsanta atá ag duine leis an nGaeilge, agus caitear An Fáinne mar chomhartha go bhfuil Gaeilge agat agus go bhfuil tú toilteanach í a labhairt. 

Mar chuid de Scéim na nDamhachtainí Gaeltachta faoi Choimisiún Fulbright, tá cúigear mac léis ó Stáit Aontaithe Mheiriceá ag tabhairt faoi chúrsa sa Ghaeilge in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille.  Tugann an scéim seo, atá ar bun le trí bliana anuas, deis do mhic léinn ó thíortha eile an Ghaeilge a fhoghlaim agus taithí a fháil ar chultúr agus ar oidhreacht na Gaeltachta.

Ón bhliain 2006 ar aghaidh, tá tacaíocht léirithe ag Rialtas na hÉireann d’fhoghlaim agus do mhúineadh na Gaeilge thar sáile.  Timpeall na cruinne tá breis agus 40 institiúid tríú leibhéil ag soláthar cúrsaí Gaeilge, agus trí Choimisiún Fulbright amháin tá 20 múinteoir Gaeilge curtha chuig institiúidí sna Stáit Aontaithe chun an Ghaeilge a theagasc iontu.

Ag labhairt dó roimh an mbronnadh, dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich: “Tá traidisiún fada againn ag cur fáilte roimh mhuintir na Stát Aontaithe chuig an taobh seo den domhain. Is breá leo teacht anseo agus is breá linn fáilte a chur rompu. Tá an scéim dámhachtainí seo fíorluachmhar fíorthairbheach dúinn araon agus cuireann sé lúcháir orm an deis a bheith agam bulaladh leis na mic léinn seo.”

Is féidir fáinne a cheannach ar www.fainne.ie

© Foilsithe ar Gaelport.com 8 Iúil 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

‘Is álainn í an Ghaeltacht’

Tá sé déanta ag Coláiste Lurgan arís

Físeáin agus Feachtas Gaeilge nua ag an CLG

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>