Tá sé tagtha chun solais um thráthnóna go mbeidh an chéad chruinniú eile den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) ar siúl maidin amárach, in Ard Mhacha ar 08:30am.
Is cosúil go nglacfar cinneadh críochnaitheach ag an gcruinniú sin mar gheall ar an tsamhail nua mhaoinithe, múnla nua maoinithe conspóideach atá beartaithe d’earnáil dheonach na Gaeilge. Ag cruinniú den CATT i mí Márta na bliana seo, d’aontaigh na hAirí síneadh a chur leis na socruithe reatha don naoi n-eagraíocht déag a fhaigheann bunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge go dtí 31 Nollaig 2013. Ag an gcruinniú sin mí Márta, tugadh treoir d’Fhoras na Gaeilge pleananna a chur chun cinn chun samhail athbhreithnithe do bhunmhaoiniú a thabhairt isteach; samhail a chuimseoidh na Straitéisí ábhartha teanga sa dá dhlínse, ag féachaint do chinneadh críochnaitheach a dhéanamh faoi mhí an Mheithimh 2013 ar a dhéanaí.
Ag cruinniú den CATT ar an 19 Meitheamh 2013, phléigh na hAirí ceist an bhunmhaoinithe in athuair agus aontaíodh go dtionólfar cruinniú eile d'Fhoras Teanga na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas chomh luath agus is féidir ach faoi Mheán Fómhair ar a dheireanaí chun an próiseas a thabhairt chun críche. Tuigtear do Gaelport.com go bhfuil an cinneadh críochnaitheach sin le glacadh maidin amárach.
Cuirfear eolas faoin gcruinniú seo ar fáil ar Gaelport.com maidin amárach.
© Foilsithe ar Gaelport.com 9 Iúil 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Doiléire cruthaithe maidir le maoiniú na n-eagras Gaeilge sa ghearrthéarma
An ann d’Acht Gaeilge Thuaisceart Éireann go foil?
“Mí-ionracas” curtha i leith dara scéim teanga na gCoimisinéirí Ioncaim