Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Cinneadh glactha maidir le bunmhaoiniú Earnáil dheonach na Gaeilge

$
0
0

Glacadh cinneadh críochnaitheach maidir le socruithe nua maoinithe  d’earnáil dheonach na Gaeilge ag cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) a tionóladh in Ard Mhacha inniu, 10 Iúil 2013.

Tugadh treoir d’Fhoras na Gaeilge ag cruinniú CATT i mí Márta na bliana seo pleananna a chur chun cinn chun samhail athbhreithnithe do bhunmhaoiniú a thabhairt isteach; samhail a chuimseoidh na Straitéisí ábhartha teanga sa dá dhlínse, ag féachaint do chinneadh críochnaitheach a dhéanamh faoi mhí an Mheithimh 2013 ar a dhéanaí.

Tá beartaithe anois, bunaithe ar mhúnla nua maoinithe curtha chun cinn ag Foras na Gaeilge le bliain anuas, go mbeidh na tosaíochtaí straitéiseacha a leanas á seachadadh ag 6 eagras ceannais ag feidhmiú ar bhonn uile-oileáin:

  1. Gaeloideachas/Tumoideachas agus Réamhscolaíocht Lán-Ghaeilge
  2. Oideachas in earnáil an Bhéarla, agus d’aosaigh agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile
  3. Forbairt Phobail agus Eacnamaíochta
  4. Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus le Bunú Gréasán
  5. Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíocht
  6. Forbairt Deiseanna Úsáidte Gaeilge agus Gréasán do Dhaoine Óga

Mar aon leis na réimsí luaite a chuirfear chun cinn faoin bpróiseas nua, bunófar córas nua maoinithe do raidió pobail ó Thuaidh agus ó Dheas trí scéim raidió pobal a fhorbairt. Leanfar freisin le maoiniú a chur ar fáil do sholáthar áiseanna tríd an Áisaonad Lán-Ghaeilge atá lonnaithe i gColáiste Ollscoile Naomh Muire , Béal Feirste.

Tá molta ag CATT go mbunófar fóram comhpháirtíochta uile oileáin de cheannasaithe na 6 eagras ceannais a bheidh freagrach as plean straitéise agus cur chuige na hearnála ar bhonn comhoibrithe.

Anuas air sin, bunófar fóram forbartha teanga comhdhéanta de ghrúpaí agus eagrais phobail atá maoinithe ag Foras na Gaeilge, a bheidh ag tuairisciú don fhóram comhpháirtíochta maidir le hobair na hEarnála ag leibhéal an phobail.

Ag cruinniú den CATT i mí Márta na bliana seo, d’aontaigh na hAirí síneadh a chur leis na socruithe reatha don naoi n-eagraíocht déag a fhaigheann bunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge go dtí 31 Nollaig 2013 agus tá beartaithe go leanfar leis sin anois go mí Iúil 2014 nuair a thiocfaidh an múnla nua i bhfeidhm.

Ag labhairt dó faoi chinneadh na CATT inniu, dúirt Kevin De Barra, Stiúrthóir ar Chomhdháil Náisúnta na Gaeilge “Tar éis cúig bliain d’éiginnteacht, is beag eolais bhreise atá faighte again inniu, ó tharla gurb iad seo na réimsí céanna atá á bplé againn le Foras na Gaeilge le píosa fada.  Ní thuigtear go fóill conas mar a nascóidh an cinneadh seo isteach leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, nó cén bhunús pleanála teanga atá laistiar de.” 

Deir De Barra: “Tá cruinnithe téamacha socraithe idir na heagrais agus Foras na Gaeilge don tseachtain seo chugainn, agus tá súil againn go mbeidh tuilleadh eolais maidir leis an struchtúr nua ar fáil ag an bpointe sin.  Ó tharla nach bhfuilimid ar an eolas faoin ollphlean atá laistiar den mhúnla nua seo, ní léir dúinn go fóill cén buntáistí a bhainfeadh le heagrais Ghaeilge a chur in iomaíocht lena chéile nó cén chaoi an mbeidh sé sin chun leas na teanga.”

©Foilsithe ar Gaelport.com 10 Iúil 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Gaelscoileanna ag moladh do lucht an oideachais Ghaelaigh scríobh chuig an Aire faoina phleananna nua scoile

Leasuithe sa tSamhail Mhaoinithe molta ag Comhchoiste Oireachtais

Doiléire cruthaithe maidir le maoiniú na n-eagras Gaeilge sa ghearrthéarma

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>