Tá iomrá cloiste ar an téarma Pleanáil Teanga le blianta beaga anuas, go háirithe i gcomhthéacs na Straitéise 20 bliain don Ghaeilge, agus tá deis anois tabhairt faoi chúrsa nua sa réimse léinn seo.
Tá Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga á thairiscint ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta.
Is í aidhm an chúrsa deis a thabhairt do rannpháirtithe eolas agus oiliúint fheidhmeach a fháil ar straitéisí buanaithe teanga agus leas-chleachtais na pleanála teanga. Cuirfidh siad eolas ar ghnéithe den fhorbairt pobail atá riachtanach do phobal na Gaeilge san am atá romhainn.
Beidh an cúrsa seo oiriúnach dóibh siúd atá ag obair san earnáil phobail agus teanga. Mar chuid den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, ainmníodh ceantair phleanála teanga ar leith laistigh de na Gaeltachtaí traidisiúnta faoi Acht na Gaeltachta 2012, agus tabharfaidh an cúrsa seo deis do mhuintir na gceantar seo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna sula rachaidh siad i mbun pleananna áitiúla a chur i gcrích.
30 ECTS atá luaite leis an gclár léinn seo, agus é ag teacht le cáilíocht ag Leibhéal 7 den Chreatlach Náisiúnta Cáilíochtaí. Dhá bhliain a thógfaidh sé chun an dioplóma a bhaint amach, ach sa chás nach gcríochnaíonn an rannpháirtí ach an chéad bhliain, is féidir Teastas sa Phleanáil Teanga a bhronnadh air/uirthi ach an caighdeán cuí a bhaint amach i measúnuithe mhodúil na chéad bhliana.
De bharr go mbeidh gnéithe den chúrsa á seachadadh ar bhonn cianfhoghlama ní foláir go mbeidh teacht ag rannpháirtithe ar ríomhaire agus ceangal leathanbhanda. Is gá caighdeán sásúil i labhairt agus i scríobh na Gaeilge a bheith ag rannpháirtithe an chúrsa.
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine atá ag obair in earnáil na forbartha teanga nó pobail sa Ghaeltacht nó in earnáil na Gaeilge go náisiúnta chomh maith le daoine eile a bhfuil spéis acu san ábhar seo.
Gearrfar táille de €990 in aghaidh na bliana ar mhic léinn an Dioplóma ach beidh táille laghdaithe de €750 le híoc ag mic léinn a chomhlánaíonn foirm iarratais ar líne roimh an Aoine 16 Lúnasa 2013.
Ní mór foirm iarratais ar líne a chomhlánú roimh an Aoine 23 Lúnasa 2013.
Tá bróisiúr an chúrsa ar fáil anseo agus is féidir tuilleadh fiosruithe a dhéanamh le comhordaitheoir an chúrsa, Éamon Ó Cofaigh, ag: eamon.ocofaigh@oegaillimh.ie nó 091-493802.
©Foilsithe ar Gaelport.com 16 Iuíl 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Ochtar Teagascóirí Gaeilge le haghaidh a thabhairt ar SAM
Nasc gnó Gaelach idir Éirinn agus Albain
Foghlaim: Ardchúrsa Oiliúna in Aistriúchán Cháipéisí Dlí agus Cáipéisí Stáit eile
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge