Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Seachtain Oidhreachta Náisiúnta 2013

$
0
0

An mhí seo chugainn beidh an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta á reáchtáil ar fud na tíre le réimse breá d’imeachtaí beartaithe ón 17 go dtí 25 Lúnasa 2013.

Seo féile bhliantúil arna heagrú ag an gComhairle Oidhreachta ó 2005 i leith, tráth ar ghlac an Chomhairle an cúram Seachtain Oidhreachta Náisiúnta a eagrú ón Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil. Ó shin i leith tá fás ollmhór tagtha ar an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta le suas le 1,600 imeacht á reáchtáil ag níos mó ná 800 grúpa timpeall na tíre.

Beidh os cionn míle imeacht soar in aisce ar siúl in ionaid éagsúla mórthimpeall na tíre. Déanfaidh an tseachtain ceiliúradh ar ár n-oidhreacht, ár ndúlra, ár dteanga agus ar chultúr na tíre.  Bíonn imeachtaí oidhreachta de gach cineál ar siúl le linn na seachtaine agus is é cuspóir na féile ná ceiliúradh a dhéanamh ar oidhreacht shaibhir na tíre seo trí imeachtaí chultúrtha agus liteartha agus siamsaíocht a eagrú.

D’fhreastail suas le 500,000 duine ar imeachtaí na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta anuraidh agus arís i mbliana beidh neart imeachtaí cultúrtha agus oidhreachta ar siúl ar fud na tíre. I measc na n-imeachtaí beidh siúlóidí stairiúla mar aon le siúlóidí a bheidh á ndéanamh ag oilithrigh, taispeántais, ceardlanna, margaí bia, taispeántais tuíodóireachta, imeachtaí ar an gcósta, léamh scéalaíochta agus filíochta, siamsaíocht, damhsa, turais agus cuairteanna ar fhoirgnimh stairiúla agus beidh deis ag daoine taitneamh a bhaint as ár n-oidhreacht agus as an dúlra.

Beidh cead isteach chuig iarsmalanna, leabharlanna, páirceanna náisiúnta, músaeim agus ionaid oidhreachta agus cultúrtha timpeall na tíre soar in aisce don phobal le linn na seachtaine.  Tá rud éigin ann do gach duine agus tá formhór na n-imeachtaí saor in aisce! 

Tá grúpaí agus daoine timpeall na tíre ag clárú imeachtaí gach lá agus is féidir le daoine nó grúpaí pobail amuigh ansin imeacht nó imeachtaí, is cuma cé chomh beag nó mór, a chlárú saor in aisce ar an suíomh gréasán www.heritageweek.ie go dtí 16 Lúnasa 2013. Ta liosta de na himeachtaí fad fud na tíre ar fáil ar:  www.heritageweek.ie
 
Chun eolas breise a fháil ar aon imeacht faoi leith téigh i dteagmháil leis na heagraithe i do cheantar.

©Foilsithe ar Gaelport.com 16 Iúil 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Oíche Chultúir - Ealaín na Gaeltachta

As na Nuachtáin: Galway in full flight with arts and fringe festivals

As na Nuachtáin: Blas na Gaeltachta ag an gColáiste Samhraidh i gCeatharlach

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945