Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Cóip de leabhair úra Chois Life le buachan

$
0
0

An tseachtain seo tugaimid deis iontach do duine amháin amuigh ansin leabhair a bhuachan – ‘Ailfí agus an Vaimpír’ agus ‘Vaimpír san Áiléar’- seo an dara leabhar sa tsraith seo.

Bhí an-ráchairt ar an gcnuasach gearrscéalta Canary Wharf le Orna Ní Choileáin a d’fhoilsigh Cois Life sa bhliain 2009 agus ní aon ionadh go bhfuil leabhar eile draíochtiúil dá cuid i gcló.

Tá bua na scéalaíochta go nádúrtha inti agus tá roinnt mhaith gradam liteartha bronnta uirthi. Is údar don aos óg freisin í. Is ábhar spéise di domhan na vaimpírí agus sa saothar seo is mian léi vaimpír an 21ú haois a chur os comhair páistí an lae inniu.

‘Vaimpír san Áiléar’

Tá cónaí ar Marius, an vaimpír, in áiléar Ailfí. Gabhann sé timpeall an tí mar is toil leis agus tógann a bhfuil uaidh ón gcófra bia. Níl saol na vaimpíre saor ó thrioblóid nuair a thagann tinneas fiacaile air. Cuirtear leis na deacrachtaí nuair a théann Ailfí chun an stiúideo teilifíse leis na tiripíní. Tá an fhoireann ag iarraidh físeán a dhéanamh de Marius ach an féidir físeán a dhéanamh de Vaimpír?

‘Ailfí agus an Vaimpír’ 

Seo Leabhar a foilseadh an t-am seo anuraidh  An bhfuil vaimpír ina chónaí ag bun an ghairdín agatsa? Vaimpír faoi leith is ea Marius a chónaíonn i ngairdín Ailfí, garsún óg. B’fhearr leis rollaí fige agus cáca milis ná fuil agus feoil. Agus buaireamh an tsaoil – idir lampaí ultraivialaite agus muincí gairleoige – ag bagairt ar an gcréatúr neamh-mharbh, ní nach ionadh go n-éiríonn sé spadhrúil nuair nach dtiteann rudaí amach mar ba chóir, dar leis!

Tá na leabhair seo atá foilsithe ag Cois Life feiliúnach do dhaoine óga fásta (10-13bl agus do dhaoine fásta óga de gach aois!)

Ceist na seachtaine seo:

Ainmnigh údar an leabhair Vaimpír san Áiléar ?

• Anna Heussaff      
• Mícheál Ó Ruairc         
• Orna Ní Choileáin         
• Pádraig Ó Siadhail

Seol freagraí agus ainm do scoile chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 30 Iúil 2013 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.

Comhghairdeas le Shane Egan as Cluain Meala i gCo. Thiobraid Árann  a bhuaigh cóip den dlúthdhiosca nua ‘Affinity’ leis na ceoltóirí agus amhránaithe Máire Ní Bhraonáin agus Cormac De Barra san eagrán seo caite.

Tá Ailfí agus an Vaimpír anois ar fáil sna siopaí nó ón suíomh www.coislife.ie 

©Foilsithe ar Gaelport.com 16 Iúil 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin: Leabhar Mór na nAmhrán

As na Nuachtáín: Dianchúrsa scríbhneoireachta

As na Nuachtáín: Sladmhargadh Chló Iar-Chonnacht

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945