Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Todhchaí Sheanad Éireann

$
0
0

Tá sé i gceist ag an Rialtas athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras polaitiúil trí dheireadh a chur le Seanad Éireann.

Déanfar é seo tríd an mBille um an dara leasú is tríocha ar an mBunreacht a chur trí Thithe an Oireachtais am éigin amach anseo.

I gcás go n-éireoidh leis na Rialtas an bille a chur trí Thithe an Oireachtais ní bheidh fágtha san Oireachtas ach Oifig an Uachtaráin agus Dáil Éireann.

Tá sé ráite ag an Taoiseach go sábhálfaí €20 Milliún in aghaidh na bliana don státchiste trí dheireadh a chur leis an Seanad.

Ceann de na himpleachtaí a bheidh ann le deireadh a chur leis an Seanad ná nach ndéanfar an scrúdú céanna ar an reachtaíocht toisc nach mbeidh ar bhillí dul tríd an Seanad a thuilleadh agus déanfar plé orthu sa Dáil amháin sular gcuirfear ar aghaidh go dtí an tUachtarán iad le síniú.

Bhí ról tábhachtach ag an Seanad i leith go leor reachtaíochta a bhain leis an nGaeilge lena n-áirítear Acht na Gaeltachta 2012, Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus go leor eile.

Ag cruinniú de bhord Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge le déanaí glacadh an rún gur chóir Seanad Éireann a leasú seachas a dhíothú ar mhaithe le leas na Gaeilge agus na Gaeltachta.

©Foilsithe ar Gaelport.com 16 Iúil 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Cinneadh glactha maidir le bunmhaoiniú Earnáil dheonach na Gaeilge

As na Nuachtáin: Gaelscoileanna ag moladh do lucht an oideachais Ghaelaigh scríobh chuig an Aire

As na Nuachtáin: Easpa eolais faoi Údarás na Gaeltachta ina hábhar imní

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

 


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>