Cuirfear tús le Scoil Samhraidh Acla na bliana seo ar Oileán Acla i gCo. Mhaigh Eo ar 27 Iúil agus mairfidh na himeachtaí go dtí an Satharn, 03 Lúnasa.
Tá an scoil samhraidh seo ar cheann de na scoileanna samhraidh is sine sa tír agus tá sí ag dul ó neart go neart le blianta anuas.
Arís i mbliana tá réimse leathan d’imeachtaí cultúrtha beartaithe - ina measc beidh ceardlanna éagsúla, damhsa ar an sean-nós, léamh filíochta, damhsa, amhránaíocht, fíodóireacht, ceardaíocht, ceardlann scríbhneoireachta, seoladh dlúthdhiosca agus leabhar, Seisiún na nÓg, mar aon le Ceolchoirm na Féile. Beidh scoth na dteagascóirí i láthair ag múineadh na ceirde do na daoine óga - ina measc beidh ceardlann scríbhneoireachta agus beidh ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós leis an amhránaí cumasach Síle Uí Mhóngán as Dumha Thuama i nGaeltacht Iorrais.
Beidh scoth na gceoltóirí ag teagasc ag scoil Acla na bliana seo. Ina measc beidh na ceoltóirí PJ Ó hIiarnáin as ceantar Iorras Aithneach i gConamara, an boscadóir aitheanta as Maigh Eo Tom Doherty agus Breanndán Ó Beaglaoich as Baile na bPoc i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.
Ar an Máirt, 30 Iúil beidh Oíche Ghaelach agus seolfar ‘Leabhar Mór na nAmhrán’ atá foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht i dteach Tábhairne Ted Lavelle's. Déanfar ceiliúradh ar an oíche ar na hamhráin agus na hamhránaithe as Maigh Eo atá san áireamh i Leabhar Mór na nAmhrán. Ar 01 Lúnasa beidh ceolchoirm den scoth leis an gcláirseoir aitheanta as an gceantar Laoise Kelly agus leis an amhránaí Gàidhlig Kathleen Macinnes agus seolfar dlúthdhiosca de chuid Kathleen ar an oíche.
Beidh na fidléirí iomráiteacha Liam O'Connor, Paddy Ryan agus John McHugh i bhfeighil ceardlann agus beidh na píobairí aitheanta Tommy Keane, Robbie Hannan agus Mick O'Brien mar aon le daoine eile ag teagasc na bPíob Uilleann i rith na seachtaine. Seolfar dlúthdhiosca úr “Tunes from the Goodman Manuscripts” leis an bpíobaire aitheanta agus teagascóir aitheanta de chuid na scoile Mick O’Brien agus ar an dlúthdhiosca seo ina chuideachta tá Emer Mayock agus a iníon Aoife Ní Bhriain. Beidh an seoladh seo ar siúl i dTeach Tábhairne Gielty's ag 8p.m. ar 29 Iúil.
Tá clár iomlán Scoil Samhraidh Acla na bliana seo ar fáil ar: www.scoilacla.ie
©Foilsithe ar Gaelport.com 16 Iúil 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Féilte agus imeachtaí cultúrtha go forleathan
Seachtain Oidhreachta Náisiúnta 2013
As na Nuachtáin: Leabhar Mór na nAmhrán
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge