Reáchtálfar an chéad chomhdháil uile-Éireann riamh ar fhorbairt na ceannasaíochta i mbunscoileanna lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath i bhfómhar na bliana seo.
Is é an Coiste Seasta Thuaidh Theas ar an nGaeloideachas, a bunaíodh sa bhliain 2009, atá i mbun na Comhdhála a bheidh ar siúl ar an 9 agus 10 Deireadh Fómhair 2013.
Pléifear réimse leathan ábhar thar an dá lá a dhíreoidh go háirithe ar riachtanais aitheanta na bPríomhoidí agus Leas-Phríomhoidí i mbunscoileanna lán-Ghaeilge na hÉireann, scoileanna Gaeltachta, Gaelscoileanna agus Aonaid i dTuaisceart Éireann san áireamh.
I measc na mór-réimsí a phléifear le linn na Comhdhála áirítear:
-
Ról na gCeannasaithe sa Scoil Lán-Ghaeilge
-
Ag cinntiú Ardchaighdeán Oideachais
-
Measúnú Uile-Scoile agus Féinmheasúnú i dtreo barr feabhais: tábhacht, impleachtaí agus feidhmiú éifeachtach
-
Ceannasaíocht Theanga Shóisialta / Cumarsáide na scoile
-
Pleanáil uile-scoile (cúrsaí curaclaim san áireamh)
-
Ag Cothú Cultúr Dearfach
Deir Cathaoirleach an Choiste Sheasta, Bláthnaid Ní Ghréacháin “Thar ceann an Choiste tá an-áthas orm go mbeidh comhdháil oiliúna á reáchtáil againn do cheannairí na mbunscoileanna lán-Ghaeilge ar bhonn 32 contae".
"Is é seo an chéad uair riamh a reáchtálfar comhdháil cheannasaíochta atá dírithe go huile is go hiomlán ar shainriachtanais na scoileanna lán-Ghaeilge. Tabharfaidh sé deis ar leith do na rannpháirtithe mórcheisteanna íogaire earnála a phlé agus oiliúint a fháil ó shaineolaithe na hearnála".
"Tá sé i gceist ag an gCoiste go n-eascróidh córas tacúil idir phríomhoidí ar bhonn uile-Éireann ón gcomhdháil agus cur chuige ina mbeidh malartú dea-chleachtais ceannasaíochta ann.”
Reáchtálfar an chomhdháil san Óstán Louis Fitzgerald, Crois an Fhearainn Nua i mBaile Átha Cliath ar 9 agus 10 Deireadh Fómhair 2013 agus beifear ag glacadh le clárúcháin go dtí an Aoine, 20 Meán Fómhair 2013.
Is féidir gach eolas i leith na Comhdhála a fháil trí r-phost a chur chuig oifig@gaelscoileanna.ie nó trí glaoch ar 01 8535195.
©Foilsithe ar Gaelport.com 16 Iúil 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Athbhreithniú na Roinne Oideachais: An Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta
As na Nuachtáin: Gaelscoileanna ag moladh do lucht an oideachais Ghaelaigh scríobh chuig an Aire
As na Nuachtáin: Education Minister John O'Dowd praises Irish pre-school
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge