Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Ar Skype a Chéile

$
0
0

Léireoidh sraith teilifíse nua spleáchas ghlúin an lae inniu ar na meáin shóisialta mar phríomh-mhodh cumarsáide.

Tabharfaidh 'Ar Skype a Chéile' faoi thurgnamh sóisialta bunaithe ar thionchar an idirlín agus na meán sóisialta ar idirghníomhú pearsanta mhuintir na hÉireann. Rachaidh láithreoirí Áine Goggins agus Tomaí Ó Conghaile ar thuras chuig contae ar leith gach seachtain áit a gcuirfear san iomaíocht ar a chéile iad trí dhúshlán éagsúil an duine a thabhairt dóibh.  Is é cuspóir na ndúshlán ná a fháil amach cad é an modh is éifeachtaí cumarsáide sa lá ata inniu ann, cumarsáid thar na meáin shóisialta nó idirghníomhú pearsanta na seanré. Iarrfar ar Áine imeachtaí a eagrú agus gréasáin a chothú, tobshlua in ollmhargadh i nDún na nGall mar shampla, ag baint úsáide as an teicneolaíocht agus na meáin shóisialta amháin, cuirfear cosc ar aon teagmháil dhíreach i leith imeacht a eagrú.  Ach is é a mhalairt a bheidh ar siúl ag Tomaí.

Iarrfar ar an gConghaíleach slua a bhailiú le chéile d’imeacht éigin, céilí i gceantar tuaithe i gCiarraí mar shampla, ach ní thabharfar cead dó aon ábhar teicneolaíochta nó gluaisteán a úsáid leis an scéal a scaipeadh. Beidh ar Thomaí é féin a lonnú sa phobal agus aithne a chur ar mhuintir an cheantair trí bhualadh leo go pearsanta sa teach tábhairne, i halla an pharóiste nó ar an tsráid. Tabharfar 48 uair an chloig don bheirt an oiread cairde agus is féidir a bhailiú le chéile. Tabharfaidh an tsraith de chuid Tobar Productions léargas ar cé chomh teann agus atá greim na teicneolaíochta ar shaol an duine agus an bhfuil áit ar leith don bhealach ‘seanfhaiseanta’ i saol an lae inniu.

Beidh ‘Ar Skype a chéile’ le feiceáil ar TG4 san fhómhar.

©Foilsithe ar Gaelport.com 16 Iúil 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

An Samhradh Linn ar ais ar ár scáileáin

As na Nuachtáín: Féile Iorrais 2013

As na Nuachtáín: TG4 entertainment series An Samhradh Linn returns to Mayo

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>