Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Pobal na Gaeilge ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta

$
0
0

Beidh Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta na bliana seo á reáchtáil i Ráithín an Uisce, An Sráidbhaile i gCo. Laoise 24-26 Meán Fómhair 2013 agus is cinnte go bhfuil an-athrú agus fás suntasach tagtha ar an gcomórtas seo ó reáchtáladh sa cheantar sin é sa bhliain 1943.

Déanfaidh an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn comórtas na bliana seo a oscailt go hoifigiúil agus tá súil le suas le 190,00 míle duine chuig an ócáid seo thar tréimhse trí lá i mbliana. Le cúpla bliain anuas tá fás millteanach tagtha ar an ócáid seo agus anois tá sé ar ceann de na seónna is mó san Eoraip ó thaobh seó talainne agus taispeántais de. 

Bíonn an-tóir ag gach aois ghrúpa idir óg is aosta ó ghrúpaí scoile agus grúpaí pobail ar an gcomórtas seo gach bliain agus den chéad uair riamh beidh puball ollmhór Gaelach ann agus beidh áit faoi leith ag teanga dúchais na tíre i lár an aonaigh i measc an phobail ag an ócáid aitheanta seo.

Beidh eagraíochtaí Gaeilge agus grúpaí éagsúla a bhfuil baint acu le réimse leathan d’imeachtaí trí mheán na Gaeilge i láthair sa phuball Gaelach le seastán eolais - ina measc beidh Údarás na Gaeltachta, Glór na nGael, Coláiste UISCE, TG4, Gael Linn, Ógras, Oideas Gael, An Spáilpín Fanach, Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh (CONCOS), Oireachtas na Gaeilge, Foras na Gaeilge agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Thar thréimhse 3 lá beidh ionadaithe ag na seastáin ag tabhairt amach neart eolais agus comhairle a bhaineann leis an nGaeilge. Mar aon leis seo beidh deis ag an bpobal neart earraí Éireannacha ar nós áiseanna Gaeilge, t-léinte agus húdaí Gaelacha, cluichí, póstaeir, dlúthdhioscaí, leabhair agus An Fáinne mar aon le neart eile a cheannach. Anuas air seo beidh an pobal ábalta eolas a sholáthar ar imeachtaí Gaelacha atá a g titim amach ar fud na tíre, Spóirt trí Ghaeilge, Cúrsaí Gaeilge, cúrsaí teicneolaíochta nua-aimseartha trí Ghaeilge, Cúrsaí Samhraidh, na Meáin Ghaeilge mar aon le neart comhairle ginearálta. 

Reáchtálfar imeachtaí idir shiamsaíocht den scoth, cheol, damhsa, sheoladh dlúthdhiosca, sheoladh seirbhísí digiteacha úr Gaeilge mar aon le comórtais, neart spraoi agus neart eile sa phuball. I mbliana beidh os cionn míle comhlacht, grúpa, roinn stáit mar aon le fiontraithe i láthair le seastáin eolais agus is iontach an rud é go mbeidh guth na Gaeilge i lár an aonaigh go láidir ag an ócáid seo. Beidh míle fáilte roimh an bpobal bualadh isteach chuig “Pobal na Gaeilge" ón Máirt 24 - Déardaoin, 26 Meán Fómhair 2013.

Is cuma más cainteoir líofa tú nó mura bhfuil agat ach Cúpla focal tá míle fáilte romhat bualadh isteach chugainn.

©Foilsithe ar Gaelport.com 16 Iúil 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Do Ghairm le Gaeilge

Gradam Gnó na nDéise

Scoil Samhraidh Acla 2013

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>