Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Cinneadh críochnaitheach glactha, ach ceisteanna fós le freagairt

$
0
0

D’fhógair an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) cinneadh críochnaitheach an tseachtain seo caite maidir le maoiniú eagraíochtaí Gaeilge, ach tá mionsonraí fós de dhíth.

Tá neart plé ar na leathanaigh seo le fada an lá, maidir leis an tSamhail Nua Mhaoinithe a bhí á cur chun cinn ag Foras na Gaeilge chun athstruchtúrú a dhéanamh ar an mbealach a ndéantar maoiniú a chur ar fáil do na 19 n-eagraíocht bhunmhaoinithe.

Nuair a cuireadh an tsamhail a bhí beartaithe roimhe seo amach ar chomhairliúchán poiblí agus nuair a scrúdaigh an Comhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht an tsamhail, moladh (a) gur gá an saineolas reatha atá san earnáil a chosaint, (b) gur gá luach agus aitheantas a thabhairt don obair dheonach a dhéantar, agus (c) nár chóir na heagrais bhunmhaoinithe a chur in iomaíocht lena chéile.

Fógraíodh an tseachtain seo caite, go bhfuil beartaithe anois, bunaithe ar mhúnla nua maoinithe curtha chun cinn ag Foras na Gaeilge le bliain anuas, go mbeidh na tosaíochtaí straitéiseacha a leanas á seachadadh ag 6 eagras ceannais ag feidhmiú ar bhonn uile-oileáin:

  1. Gaeloideachas/Tumoideachas agus Réamhscolaíocht Lán-Ghaeilge
  2. Oideachas in earnáil an Bhéarla, agus d’aosaigh agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile
  3. Forbairt Pobail agus Eacnamaíochta
  4. Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus le Bunú Gréasán
  5. Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíocht
  6. Forbairt Deiseanna Úsáidte Gaeilge agus Gréasán do Dhaoine Óga

Mar aon leis na réimsí luaite a chuirfear chun cinn faoin bpróiseas nua, bunófar córas nua maoinithe do raidió pobail ó Thuaidh agus ó Dheas trí scéim raidió pobail a fhorbairt. Leanfar freisin le maoiniú a chur ar fáil do sholáthar áiseanna tríd an Áisaonad Lán-Ghaeilge atá lonnaithe i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste.

Le maoiniú geallta do Raidió na Life, Raidió Fáilte agus An tÁisaonad, fágtar go mbeidh sé cheanneagraíocht le roghnú as na 16 eagraíocht eile.

Ag labhairt dó ar an gclár Barrscéalta  ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé Céadaoin seo caite, chuir Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge in iúl go mbeidh 18 bpost á gcailleadh de dheasca an athstruchtúraithe nua. Shamhlófá, má tá a fhios ag an bPríomhfheidhmeannach go cruinn cé mhéad post atá le cailleadh go bhfuil na suimeanna eile déanta freisin, agus gur eol cén briseadh síos a bheidh ann de réir gach réimse. Níl an t-eolas sin ar fáil go fóill.

Faoi gach ceann de na réimsí thuas, roghnófar ceanneagraíocht amháin chun feidhmiú ar bhonn uile-oileáin agus ní chuirfidh Foras na Gaeilge aon mhaoiniú ar fáil ach do na ceanneagrais seo.

Is cinnte go gcruthóidh seo teannas agus iomaíocht idir eagraíochtaí. Fiú leis an spiorad comhoibrithe is fearr, eascróidh neart deacrachtaí as an gcinneadh seo, le coistí ceannais ar eagrais éagsúla á mbrú le chéile ag cinneadh CATT.

Tá curtha in iúl ag Foras na Gaeilge go gcinnteoidh an cinneadh seo go mbeidh níos mó seirbhísí á gcur ar fáil don phobal, agus go mbeidh níos mó oibre ar siúl i measc an phobail. Má tá suas le trian d’fhoireann na hearnála le cailleadh is deacair a shamhlú conas is féidir a bheith ag súil le tuilleadh oibre agus le tuilleadh seirbhísí.

Cuirfear tús an tseachtain seo le sraith de chruinnithe téamacha idir Foras na Gaeilge agus na heagrais bhunmhaoinithe chun na mionsonraí i leith chinneadh CATT a chur in iúl do na heagrais.

Ceann de na ceisteanna is mó a bheidh á bplé ag na cruinnithe sin, shílfeá, ná cén todhchaí a d’fhéadfadh a bheith ann d’eagraíocht nach roghnaítear mar cheanneagraíocht. Iarrfar léirithe spéise ó dhreamanna chun feidhmiú mar cheanneagraíocht, ach ní fios go fóill cén cineál tacaíochta a d’fhéadfadh an cheanneagraíocht a chur ar fáil d’eagraíochtaí eile, nó cén struchtúr don chineál seo tacaíochta a bheadh inghlactha ag Foras na Gaeilge.

Tá molta ag CATT go mbunófar fóram comhpháirtíochta uile-oileáin de cheannasaithe na 6 eagras ceannais a bheidh freagrach as plean straitéise agus cur chuige na hearnála ar bhonn comhoibrithe, agus is cosúil go mbeidh seo faoi stiúir Fhoras na Gaeilge.

D’fhéadfadh an té a bheadh ag breathnú ar an gcinneadh seo go ciniciúil a bheith den tuairim más faoi stiúir an Fhorais go hiomlán a bheidh obair na n-eagraíochtaí faoin múnla nua gur beag a bheidh deonach nó neamhspleách amach anseo faoi earnáil dheonach na Gaeilge.

©Foilsithe ar Gaelport.com 16 Iúil 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin: Gaelscoileanna ag moladh do lucht an oideachais Ghaelaigh scríobh chuig an Aire

Samhail Nua Mhaoinithe RIP

Tuairim phobal na Gaeilge foilsithe i leith Straitéis na Gaeilge ó thuaidh

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>