Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Scoláireachtaí de €2,000 ar fáil do Mháistreacht sa Ghnó agus Teicneolaíocht

$
0
0
Tá cúig cinn de scoláireachtaí dar luach €2,000 le bronnadh ar mhic léinn a chláraíonn don chúrsa MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais le Fiontar DCU.
Bronnfar na scoláireachtaí ar an gcúigear mac léinn is fearr a n-éiríonn leo sa chéad bhliain den chúrsa.  Le tacaíocht ón gclár Ganntanas Scileanna tá táillí laghdaithe de €2,750 ar an MSc. Fágann seo go gclúdóidh an scoláireacht mórchuid de na táillí iomlána don chéad bhliain den chúrsa sin.

Clár máistreachta páirtaimseartha thar dhá bhliain atá sa chúrsa ar a bhfreastalaíonn mic léinn ar champas DCU ar sé Shatharn in aghaidh an tseimeastair óna 10am – 4pm, rud a thugann deis do dhaoine nach bhfuil ina gcónaí i mBaile Átha Cliath tabhairt faoin gcúrsa. 

Gné tharraingteach den chúrsa ná go bhfuil an mheasúnacht ar fad bunaithe ar obair scríofa a dhéanann na mic léinn i rith na bliana. Dírítear an clár ar chéimithe atá ag iarraidh postanna bainistíochta agus forbartha sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí, an t-oideachas san áireamh.  

Tugann an cúrsa seo deis dóibh siúd a bhfuil bunchéim acu in ábhar seachas gnó nó teicneolaíocht faisnéise saineolas a fháil ar na hábhair sin – margaíocht, bainistíocht, cumarsáid, ilmheáin san áireamh. 

Tá céimithe an chúrsa ag obair i gcomhlachtaí príobháideacha, san earnáil phoiblí, agus in eagrais dheonacha a bhaineann leis an nGaeilge – mar shampla: Farmer’s Journal; COGG; Coláiste na bhFiann; RTÉ; Údarás Craolacháin na hÉireann. Tá céimithe eile ag obair mar mhúinteoirí nó mar phríomhoidí i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna na tíre.

Is féidir d’iarratas ar an gcúrsa seo a phróiseáil ar líne, ag www.pac.ie, agus tá tuilleadh eolais faoin gcúrsa ar fáil ó Sally Mhic Dhomhnaill, 01 700 5614 | www.dcu.ie/fiontar | fiontar@dcu.ie.

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Pobal na Gaeilge ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta

Seachtain Oidhreachta Náisiúnta 2013

Cáilíocht nua sa Phleanáil Teanga

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>