Tá comórtas oscailte á reáchtáil ag RTÉ Raidió na Gaeltachta i gcomhar leis an gCumann Lúthchleas Gael chun teacht ar an gcéad sár-thráchtaire Gaeilge eile.
Má tá spéis agat i gcúrsaí spóirt, agus má tá mianach an tráchtaire ionat, tapaigh do dheis!
Bronnfar dhá thicéad chuig Cluiche Ceannais Peile nó Iomána na hÉireann ar an mbuaiteoir, mar aon le deireadh seachtaine do bheirt in Óstán Pháirc an Chrócaigh. Anuas air sin, beidh an deis acu cuairt a thabhairt ar an mbosca tráchtaireachta ar an lá mór.
Déanfar gearrliosta a chur le chéile as na hiarratais ar fad a fhaightear, agus glacfaidh na hiarrthóirí rathúla seo páirt i gceardlann tráchtaireachta le linn mhí Lúnasa agus iad faoi stiúir ag roinnt de shárchraoltóirí spóirt na linne seo i gCeanncheathrú RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla, Co. na Gaillimhe. Le linn na ceardlanna, déanfar moltóireacht ar scileanna tráchtaireachta na n-iarrthóirí, agus roghnófar buaiteoir ag deireadh na ceardlanna.
Ag labhairt dó faoin gcomórtas, dúirt Liam Ó Néill, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael: “Táim thar a bheith sásta ar bhonn pearsanta, agus ar son an Chumainn freisin, a bheith páirteach sa chomórtas iontach seo. Táim dóchasach go mbeidh suim ag roinnt daoine óga triail a bhaint as, agus b'fhéidir go bhfeicfimid roinnt tráchtairí nua ag teacht chun cinn dá bharr.”
Dúirt an tráchtaire aitheanta le RTÉ Raidió na Gaeltachta, Seán Bán Breathnach: “Is fearr liomsa a bheith ag tráchtaireacht ná ag ithe mo bhéile, agus tá an t-ádh liom go bhfaighim an deis sin chuile dheireadh seachtaine. Dhéarfainn le duine ar bith go mbeadh spéis acu ann cur isteach ar an gcomórtas. B’fhéidir go bhfuil an scil acu i ngan fhios dóibh féin, agus ba cheart dóibh bualadh faoi. Mura mbainfidh tú triail as, bhí bheidh fhios agat. Beidh muid ag súil go mór leis na hiarrachtaí a chloisteáil anseo in RnaG.”
Bhí tóir ar leith ar fhíseán de Sheán Bán Breathnach an samhradh seo caite nuair a d’éirigh sé iontach corraithe agus é ag déanamh tráchtaireachta ar throid Katie Taylor i gcoinne Sofya Ochigava ag na Cluichí Oilimpeacha i Londain.
Chun páirt a ghlacadh sa chomórtas, is gá taifead 60 soicind díot féin i mbun tráchtaireachta as Gaeilge a sheoladh thar ríomhphost chuig ct@rte.ie, nó sa phost chuig: Comórtas Tráchtaireachta, Casla, Conamara, Co. na Gaillimhe.
Glacfar le hiarratais go dtí an 9 Lúnasa 2013, agus déan cinnte d’ainm, do sheoladh, agus d’uimhir fón a bheith luaite go soiléir. Is gá d’iarrthóirí a bheith os cionn 18 bliain d’aois chun páirt a ghlacadh sa chomórtas.
Le cur isteach ar an gcomórtas, cuir isteach taifead 60 soicind díot féin i mbun tráchtaireachta as Gaeilge chuig ct@rte.ie, nó Comórtas Tráchtaireachta, Casla, Conamara, Co. na Gaillimhe. 9 Lúnasa an dáta deiridh. Bí cinnte d’ainm, do sheoladh agus d’uimhir fóin a chur leis. Tá an comórtas oscailte d’fhir agus do mhná os cionn 18 bliain d’aois.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar: www.rte.ie/rnag.
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód
Scoláireachtaí de €2,000 ar fáil do Mháistreacht sa Ghnó agus Teicneolaíocht
Forbairt na Ceannasaíochta sa bhunscoil lánGhaeilge – Comhdháil uile-Éireann
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge