Tá Comhairle Cathrach Dhoire ag iarraidh ar mhuintir na Gaeilge sa cheantar páirt a ghlacadh i dtionscadal mór den teideal, Scéal na Gaeilge.
Beidh taighdeoirí ag obair in éineacht leis an bpobal idir seo agus mí Mheán Fómhair agus táthar ag lorg gach cineál eolais maidir le stair na teanga sa cheantar agus an Ghaeilge amach anseo.
Iarrtar ar dhaoine a bhfuil nasc ar bith acu leis an nGaeilge i nDoire, san am thart agus sa lá atá inniu ann, páirt a ghlacadh sa taighde.
Seolfar Scéal na Gaeilge mar thaispeántas agus mar lámhleabhar i mí na Samhna mar chuid de Bhliain na Gaeilge agus Bliain Chathair Chultúir i nDoire agus beidh ábhar an taighde mar chuid de chartlann phobail BT Portrait of a City.
Tá Comhairle Cathrach Dhoire ag cur fáilte roimh scéalta, ghrianghraif, fhíseán, leabhair agus ábhar ar bith eile a chuirfidh leis an scéal tiomsaithe. Más mian leatsa páirt a ghlacadh sa tionscadal stairiúil seo, déan teagmháil le Sorcha Ní Dhoibhlín ar (028) 796 59231 nó thar r-phost scealnagaeilge@outlook.com.
Ta Scéal na Gaeilge maoinithe ag an gclár Culture for All de chuid an Big Lottery Fund agus an Chomhairle Ealaíon ó Thuaidh.
©Foilsithe ar Gaelport.com 23 Iúil 2013
Seans go mbeidh speis agat sna scéalta a leanas:
Pompeii trí Ghaeilge in iomaíocht le scéal Will agus Kate
RTÉ ar thóir an chéad Micheál Ó Muircheartaigh eile
Scoláireachtaí de €2,000 ar fáil do Mháistreacht sa Ghnó agus Teicneolaíocht
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge