Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Impleachtaí don Ghaeilge i gCraoltóireacht Seirbhíse Poiblí

$
0
0

An tseachtain seo caite, d’fhoilsigh an tAire Cumarsáide, Fuinnimh, agus Acmhainní Nádúrtha, Pat Rabbitte athbhreithniú cúig bliana de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann ar chraoltóireacht seirbhíse poiblí.  

Agus é ag fógairt thorthaí an athbhreithnithe, d’fhógair an tAire go bhfuil i gceist aige córas úrnua a thionscain do mhaoiniú chraoltóirí poiblí agus go mbeidh rialacha nua le cur i bhfeidhm maidir le húsáid airgid phoiblí ag Craoltóirí Seirbhíse Poiblí.  Breathnófar freisin ar conas a dhéantar an t-airgead poiblí a dheighilt ón ioncam tráchtála a fhaightear ó fhógraíocht.

Ar na príomhphointí a fógraíodh a d’fhéadfadh impleachtaí a bheith acu don chraoltóireacht Ghaeilge, bhí na nithe a leanas:

• Tabharfar faoi mheasúnú ar thuilleadh éifeachtúlachta a bhaint amach in RTÉ, lena n-áirítear conas a chuireann RTÉ seirbhísí craolta Raidió ar fáil trí Ghaeilge.
• Treorófar do TG4 féachaint in athuair ar a phlean cúig bliana roimh dheireadh mhí Mheán Fómhair ar an mbonn nach mbeidh aon ardaithe incriminteacha le híoc leis an stáisiún. 
• Beidh gá do TG4 teacht ar mhodheolaíochtaí chun líon na gcainteoirí Gaeilge ina lucht féachana a mheas, agus beidh gá an uimhir seo mhéadú. 

Ag labhairt dó ar an ábhar seo an tseachtain seo caite, dúirt an tAire Pat Rabbitte: "Tá sé tábhachtach a chinntiú go mbeidh Craoltóireacht Seirbhíse Poiblí na hÉireann ábhartha agus bríomhar, agus go gcoinneoidh sé a ionad lárnach i saol na hÉireann i gcoinne na ndúshlán deacra seo. Tá sé ríthábhachtach mar sin inmharthanacht airgeadais na gcraoltóirí seirbhíse poiblí a chinntiú.”

Ag tagairt don athbhreithniú ar an soláthair seirbhísí raidió trí Ghaeilge dúirt Kevin De Barra, Stiúrthóir ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge go bhfuil foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta laghdaithe le blianta beaga anuas, agus go bhfuil seirbhís ar ardchaighdeán á soláthar in ainneoin laincisí móra airgid. Dúirt De Barra: ”Ní féidir a bheith ag súil le craoltóireacht den chaighdeán reatha gan na hacmhainní cuí a chur ar fáil, is gá don chraoltóireacht seirbhíse poiblí seirbhís i nGaeilge a sholáthar atá ar aon dul leis na seirbhísí as Béarla”. 

Labhair Gaelport.com le Pádhraic Ó Ciardha, Leascheannasaí TG4 a dúirt go bhfáiltíonn TG4 roimh Ráiteas an Aire Cumarsáide ar thuarascáil an Údaráis Chraolacháin faoi thodhchaí na craoltóireachta seirbhísí poiblí agus gur pléadh seo ag cruinniú idir TG4  agus an tAire Cumarsáide  i dtús na seachtaine.  

Deir Ó Ciardha: “D’iarr an tAire go ndéanfadh TG4 athbhreithniú ar a Phlean Straitéise 5 Bliana agus tá tús curtha leis an obair sin cheana féin.   Aimseoidh agus feidhmeoidh  TG4  freisin modhanna breise mar mhiosúir ar a chroí-lucht féachana.   Tá rún daingean againn leanúint lenár misean ag cinntiú go bhfuil spás lárnach ann sa ré nua seo d’ábhar ard-chaighdeáin Gaeilge lena sholáthar ar na modhanna féachana ar fad atá in úsáid ag ár bpobal dílis féachana ar fud an domhain.”

© Foilsithe ar Gaelport.com 23 Iúil 2013

Seans go mbeadh spéis agat sna scéalta a leanas:

RTÉ ar thóir an chéad Micheál Ó Muircheartaigh eile

RTÉ's Financial Challenge

RTÉ’s Irish Language Policy: Fennell’s report published


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945