Tá fógartha le déanaí ag Gaelchultúr Teoranta, go bhfuil stádas bainte amach ag an gcuideachta anois mar institiúid tríú leibhéal.
Coláiste na hÉireann a thabharfar ar an institiúid nua, agus cuirfear tús leis an gcéad chúrsa de chuid an choláiste, Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán, ag deireadh mhí Mheán Fómhair. Cuirfear an Dioplóma Iarchéime ar fáil ag leibhéal 9 de Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí thar trí sheimeastar.
Beidh an cúrsa seo dírithe orthu siúd a bhfuil cumas maith sa Ghaeilge acu cheana féin ach ar mian leo scileanna aistriúcháin a fhoghlaim nó cur leis na scileanna atá acu sa réimse sin. Tá sé oiriúnach chomh maith do dhaoine a bhíonn ag obair trí mheán na Gaeilge ar bhonn laethúil – múinteoirí agus iriseoirí, mar shampla – ar mian leo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna scríofa Gaeilge.
Dúirt Darren Ó Rodaigh, Stiúrthóir Tráchtála de chuid Gaelchultúr Teoranta: “Thóg sé roinnt blianta orainn an stádas seo a bhaint amach, tá Gaelchultúr ag plé le Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) le beagnach cúig bliana anuas. Anois, agus stádas bainte amach againn mar institiúid tríú leibhéal, cuirfear go mór leis na cúrsaí a bheidh á soláthar againn. Beidh Coláiste na hÉireann in ann cúrsaí a sholáthar anois ag gach leibhéal de Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí. Amach anseo, tá súil againn aghaidh a thabhairt ar na deiseanna idirnáisiúnta agus naisc a chruthú le hinstitiúidí eile timpeall na cruinne”.
Tá tuilleadh eolais faoi Choláiste na hÉireann agus faoin Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán ar fáil ag: www.gaelchultur.com | 01 484 5220 | eolas@gaelchultur.com.
© Foilsithe ar Gaelport.com 24 Iúil 2013
B’fhéidir go mbeadh spéis agat sna scéalta eile a leanas:
Bliain 3 den Straitéis 20 Bliain: Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn
Impleachtaí don Ghaeilge i gCraoltóireacht Seirbhíse Poiblí
Scéal na Gaeilge i nDoire – An bhfuil scéal agat?