De réir an phríomhoifig staidrimh, bhí 435,357 duine i Meitheamh 2013 ar an mbeochlár. In ainneoin na gcúnsí reatha eacnamaíochta tá roinnt mhaith poist ar fáil dóibh siúd le scileanna ar leith agus cumas sa Ghaeilge.
Seacht bpost íoctha, mar aon le post amháin ar bhonn deonach atá fógartha ar Gaelport.com faoi láthair.
Tá Comhordaitheoir Léiriúcháin á lorg ag Fíbín Teo i gContae na Gaillimhe ó thús mhí Mheán Fómhair. Beidh an té a cheapfar ag obair mar chuid d'fhoireann léiritheoirí a bhfuil taithí acu a bheith ag obair, den chuid is mó, ar chláracha Gaeilge agus fócas ar leith ar dhaoine óga.
Má tá spéis a bheith ag tabhairt aire do ghasúir, tá neart deiseanna ar fáil duit. Tá Stiúrthóir Naoinraí á iarraidh do Naíonra i mBaile Átha Cliath, tá Cúntóir Naíonra ag teastáil i Longfort, tá feighlí cónaitheach á chuardach i gCill Mhantáin, agus tá feighlí leanaí á lorg sa Mhuileann gCearr.
Má tá spéis agat a bheith ag obair sa Ghaeltacht, tá tréimhse thaithí oibre á tairiscint ag Údarás na Gaeltachta sa Rannóg Cumarsáide agus Margaíochta in Ardoifig an Údaráis sna Forbacha i gCo. na Gaillimhe.
Má tá fonn ort post a aimsiú níos faide ó bhaile, tá An Chomhairle Eorpach sa Bhruiséil ag glacadh le hiarratais faoi láthair ar thréimhsí oiliúna iníoctha don bhliain 2014.
Más sna meáin chumarsáide atá do chuid spéise, b’fhéidir go gcuirfeá suim sna folúntais atá ag Raidió na Life i mBaile Átha Cliatha do láithreoirí ar bhonn deonach do chláracha ceoil agus cláracha cainte.
Déan cinnte súil rialta a choimeád ar www.gaelport.com/foluntais do na folúntais is déanaí in earnáil na Gaeilge.
B’fhéidir go mbeadh spéis agat sna scéalta eile a leanas:
Bliain 3 den Straitéis 20 Bliain: Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn
Impleachtaí don Ghaeilge i gCraoltóireacht Seirbhíse Poiblí
Scéal na Gaeilge i nDoire – An bhfuil scéal agat?