Tá dámhachtainí bronnta ag an Aire Stáit Mac Fhionnlaoich ar 31 duine as Meiriceá Thuaidh chun staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge i gContae na Gaillimhe.
Ag ócáid ar an gCeathrú Rua inniu, ar a d’fhreastail ionadaithe ó Ambasáidí Cheanada agus na Stát Aontaithe, chuir an tAire Stáit Gaeltachta fáilte roimh chúigear déag as Ceanada agus seisear déag as Meiriceá a bheidh ag tabhairt faoi chúrsaí sa Ghaeilge in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
Le linn na hócáide, bhronn an tAire Mac Fhionnlaoich Dámhachtainí Gaeilge Fulbright ar bheirt mhac léinn as na Stáit Aontaithe chun Céim Mháistreachta sa Nua-Ghaeilge a chur i gcrích in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (OÉG).
Bronnadh Dámhachtainí Samhraidh na Gaeltachta ó Fhondúireacht Ollscoile na hÉireann-Cheanada (ICUF) agus ó Choimisiún na hÉireann-Stát Aontaithe um Malartú Oideachasúil (Coimisiún Fulbright) ar na foghlaimeoirí eile as Meiriceá agus Ceanada.
Bronnadh dámhachtainí freisin ar sheachtar Teagascóir Gaeilge atá ar tí bogadh chuig Ceanada chun an Ghaeilge a mhúineadh in Ollscoileanna éagsúla ansin.
Agus é ag bronnadh na ndámhachtainí, rinne an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich comhghairdeas leis na faighteoirí agus leis na múinteoirí as a n-iarrachtaí i gcur chun cinn agus i gcaomhnú na Gaeilge. "Cuireann na malartuithe seo," arsa an tAire, "deis luachmhar ar fáil d'Éirinn chun cultúr agus cruthaitheacht na Gaeltachta a chur ar taispeáint agus cuidíonn siad chun féidearthachtaí amach anseo d'fhorbairt acmhainní, do chomhoibriú agus do mhalartuithe a aithint."
© Foilsithe ar Gaelport.com 29 Iúil 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta seo a leanas:
Deiseanna fostaíochta reatha trí Ghaeilge
Coláiste na hÉireann - Institiúid Tríú Leibhéal nua as Gaeilge
Bliain 3 den Straitéis 20 Bliain: Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn