Tá Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) ag lorg iarratas le haghaidh tograí taighde gearrthéarmacha faoina Scéim Maoinithe um Thaighde Meán 2013. Cuireann an scéim seo maoiniú ar fáil do lucht léinn chun tabhairt faoi thaighde ar ábhar reatha a bhaineann le hearnáil na meán cumarsáide.
Tá €25,000 ar an iomlán ar fáil chun togra nó tograí a mhaoiniú ina gcumhdófar téamaí taighde a roghnóidh an BAI. Mairfidh an togra/í a roghnófar idir 3 agus 12 mhí.
Tá réimsí spéise ar leith aitheanta ag an BAI, ag teacht leis an gclár taighde reatha agus roimh fhorbairtí san earnáil chraolacháin:
• Foghlaim ar feadh an tsaoil sa tionscal craolacháin
• Inscne agus craoltóireacht
• Litearthacht na Meán
• Meáin shóisialta agus craoltóireacht
Ag labhairt dó faoin scéim, dúirt Michael O’Keeffe, Príomhfheidhmeannach ar an BAI: “Tá an BAI tiomanta do chinntí a dhéanamh atá fianaise bhunaithe, agus bímis ag brath ar eolas iontaofa a fhaightear trí thaighde, trí chomhairliúchán agus trí thaithí. Is uirlis thábhachtach í an Scéim Maoinithe um Thaighde Meán chun eolas tráthúil a sholáthar don earnáil maidir leis na deiseanna agus na dúshláin atá i ndán dúinn agus muid ag bogadh isteach in aois ilardánach atá níos nasctha ná riamh. Táimid ag súil go mór le hiarratais ar ardchaighdeán a fháil”.
Tá treoir i leith na scéime agus foirm iarratais ar fáil ag an nasc seo: Scéim Maoinithe um Thaighde Meán 2013 - Treoir d'Iarratasóirí agus Foirm Iarratais.pdf
Is é an spriocdháta chun iarratais a fháil ná 30 Meán Fómhair 2013.
© Foilsithe ar Gaelport.com 31 Iúil 2013
B'fhéidir go mbeadh spéis agat sna scéalta seo a leanas:
Oiriúintí, Stílíní agus Cuircíní réidh do Bhaile an Bhriotaigh
Scoláireachtaí bronnta ar 31 duine chuig cúrsaí Gaeilge i gConamara
Feachtas i gcoinne ciorruithe ag Comharchumainn agus Eagrais Phobail