Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

BA sa Ghaeilge Fheidhmeach in Acadamh na hOllscolaíochta: Seisiún Eolais i mBaile Átha Cliath

$
0
0

Tá BA sa Ghaeilge Fheidhmeach á thairiscint ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh a bheidh á sheachadadh ar líne den chuid is mó ar bhonn páirtaimseartha thar cheithre bliana. 

Tá an cúrsa dírithe ar fhoghlaimeoirí lánfhásta ach aithneofar mic léinn a bhfuil teastas nó dioplóma faighte acu cheana. Cuirfear fáilte freisin roimh dhaoine a roghnaíonn tabhairt faoi mhodúil aonair.
 
Cuireann an cúrsa seo an oiliúint riachtanach ar fáil do rannpháirtithe ar mhian leo gairm a bhunú sna réimsí seo a leanas:

  • Aistriúchán
  • Na meáin chumarsáide – TG4, Raidió na Gaeltachta
  • Eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta
  • Margaíocht agus cumarsáid
  • An earnáil oideachais
  • An Státseirbhís agus údaráis áitiúla
  • An earnáil phobail agus ghnó

Beidh seisiún eolais faoin BA ar siúl in oifigí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 ar an Máirt, 6ú Iúil 2013 ar 1.00 i.n.  Tá fáilte roimh chách teacht agus éisteacht leis na féidearthachtaí a bhaineann leis an gcúrsa agus freagra a fháil ar cheist ar bith.

Cuirfear tús leis an gcúrsa i mí Mheán Fómhair 2013 agus is gá clárú lena aghaidh roimh 23 Lúnasa 2013. Le níos mó eolais a fháil déan teagmháil le hÉamon Ó Cofaigh, 091493802 nó eamon.ocofaigh@oegaillimh.ie.
  
Is féidir sonraí an chúrsa a fháil anseo.

©Foilsithe ar Gaelport.com 1 Lúnasa 2013

Seans go mbeidh speis agat sna scéalta a leanas:

Coláiste na hÉireann - Institiúid Tríú Leibhéal nua as Gaeilge

Deiseanna fostaíochta reatha trí Ghaeilge

Scoláireachtaí bronnta ar 31 duine chuig cúrsaí Gaeilge i gConamara

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>