Déanfar ceiliúradh ar cheol binn ghleanntáin ghlasa Ghaoth Dobhair an deireadh seachtaine seo nuair a reáchtálfar féile bhliantúil An Loinneog Lúnasa.
Beidh an fhéile ar siúl ó 8-12 Lúnasa agus léireofar suáilcí an cheantair Gaeltachta le linn na tréimhse sin trí ardchlár imeachtaí.
Beidh ceardlanna seit, seisiúin amhránaíochta agus céilithe ar siúl thar an deireadh seachtaine.
Beidh seisiún ceoil ar siúl gach oíche agus beidh aíonna speisialta le cloisteáil thar an deireadh seachtaine. Déanfaidh An Crann Óg agus cairde an fhéile a oscailt i gceart ar an Déardaoin ag ceolchoirm i dTeach Mhicí i nDoirí Beaga agus leanfar leis an gceol ar an Aoine le ceolchoirm i gcuideachta Mairéad & Tríona Ní Dhómhnaill agus Laoise Kelly i dTeach Huidí Beag ar an mBun Beag.
Tá go leor leor eagraithe don Satharn idir mhargadh bia agus ceardaíochta, lá teaghlaigh agus beidh baill ó bhannaí máirseála an cheantair i láthair ag Cuisle Seanchais - Abair Leat, caint speisialta a thabharfar oíche Shathairn.
Beidh Tionól na bPíobaire á reáchtáil le linn fhéile An Loinneog Lúnasa i nGaoth Dobhair ó 9-11 Lúnasa. Beidh ceardlanna, seisiúin cheoil agus taispeántais ar siúl thar an deireadh seachtaine mar aon le ceolchoirmeacha agus seoladh cláir faisnéise 'An Píobaire Mór'.
Reáchtálfar lá spraoi le Cumann na gCurach ar na Domhnach agus is í Máire Ní Bhraonáin a dhúnfaidh an fhéile in éineacht lena clann agus a cairde.
Is féidir gach eolas ar an bhféile a fháil ag www.loinneoglunasa.com.
©Foilsithe ar Gaelport.com 6 Lúnasa 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Scoláireachtaí bronnta ar 31 duine chuig cúrsaí Gaeilge i gConamara
Tionól Cruthaitheach ar Athréimniú na Tíre á eagrú sa Bhoirinn
BA sa Ghaeilge Fheidhmeach in Acadamh na hOllscolaíochta: Seisiún Eolais i mBaile Átha Cliath
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge