Beidh ceiliúradh mór ar siúl i nDún Chaoin in iarthar Chiarraí nuair a dhéanfar ceiliúradh bhliantúil ar an mBlascaoid ón 27-29 Meán Fómhair 2013.
Saibhreas agus Dán na Teanga a bheidh faoi chaibidil ag ceiliúradh an Bhlascaoid Mhóir na bliana seo a thionólfar in Ionad an Bhlascaoid Mhóir.
Léiríonn Ionad an Bhlascaoid Mhóir atá lónaithe i nDún Chaoin ar leithinis Chorca Dhuibhne scéal mhuintir an Bhlascaoid, a gcultúr agus a dtraidisiún chomh maith lenár dteanga dhúchais.
Tréigeadh an Blascaod Mór i 1953 agus tógadh an tIonad in ómós don éacht liteartha a rinneadh ar an Oileán, go háirithe na saothair ‘An tOileánach’, ‘Peig’ agus ‘Fiche Bliain ag Fás’.
Is deireadh seachtaine d’imeachtaí éagsúla a bheidh ag tarlú le linn an cheiliúrtha. I measc na n-imeachtaí beidh léachtaí stairiúla, seoladh leabhar, taispeántas scannánaíochta, ceol, amhráin agus filíocht mar aon le siamsaíocht.
Ag 8pm ar an Aoine, 27 Meán Fómhair déanfaidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Donncha Mac Fhionnlaoich ceiliúradh na bliana seo a oscailt go hoifigiúil in Ionad an Bhlascaoid Mhóir.
Níos déanaí san oíche beidh oíche den scoth le hAirde na binne d’fhéar ar an gcuid is fearr den nGaelainn?” Scothchainteoirí ó Chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta in Ionad an Bhlascaoid agus foinsí eile Dáithí De Mórdha.
Maidin Sathairn, 28 Meán Fómhair beidh léacht dar teideal ‘Nuachainteoirí Gaeilge - in Éirinn agus thar lear’ leis an Dr John Walsh, Léachtóir Gaeilge, Leas-Déan Taighde, Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh, OÉ Gaillimh.
Ag 10.40am beidh cur i láthair dar teideal ‘Éire, Meiriceá agus Scéal na Gaeilge’ leis an Dr Traolach Ó Ríordáin, Stiúrthóir Chlár Léann na hÉireann, Ollscoil Montana.
Ag meán lae beidh Donncha Ó hÉallaithe, fear atá ina thaighdeoir agus ina thráchtaire ar chúrsaí Gaeilge/Gaeltachta ó Chonamara agus caint faoi ‘ghníomhaíocht ar son na Gaeilge le glúin nó dhó anuas agus an bealach romhainn’.
Níos déanaí ar an Satharn bronnfar sparánacht an Bhlascaoid ag seoladh Leabhar an Cheiliúrtha agus tabharfaidh Micheál De Mórdha léargas ar Scothchainteoirí Dhún Chaoin.
Anuas air seo, beidh turas timpeall Dhún Chaoin go dtí ionaid na n-áitreabh a bhí, tráth, ag scothchainteoirí an pharóiste is sia siar in Éirinn.
Tuilleadh eolais ar fáil ar www.ceiliuradh.com
©Foilsithe ar Gaelport.com 6 Lúnasa 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Scoláireachtaí bronnta ar 31 duine chuig cúrsaí Gaeilge i gConamara
Tionól Cruthaitheach ar Athréimniú na Tíre á eagrú sa Bhoirinn
BA sa Ghaeilge Fheidhmeach in Acadamh na hOllscolaíochta: Seisiún Eolais i mBaile Átha Cliath
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge