Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

An Roinn Cosanta ag dréachtú an tríú scéim teanga

$
0
0

Tá An Roinn Cosanta ag lorg tuairimí ón bpobal i láthair na huaire maidir leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil dá custaiméirí trí mheán na Gaeilge.

Cuireann An Roinn Cosanta fáilte roimh aighneachtaí maidir le hullmhú an tríú dréachtscéim teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 ó aon pháirtithe leasmhara.

Is féidir aighneachtaí a sheoladh go leictreonach chuig customer@defence.ie. Ina ionad sin is féidir iad a chur sa phost chuig:

An Roinn Cosanta
An Brainse Pleanála agus Eagrúcháin,
Bóthar an Stáisiúin, An Droichead Nua,
Co. Chill Dara

Ní mór aighneachtaí a chur isteach roimh 5pm Dé Luain, 2 Meán Fómhair, 2013.

Is féidir an chéad agus an dara scéim teanga de chuid na Roinne a fháil ag www.coimisineir.ie.

Aighneachtaí

Is cabhair mhór do na comhlachtaí poiblí iad na haighneachtaí on bpobal. Is féidir leis na comhaltaí poiblí mianta an phobail i leith na seirbhísí a theastaíonn uatha a mheas ón aiseolas a fhaigheann siad. Is féidir díriú ar cíbe seirbhís ón gcomhlacht poiblí sna haighneachtaí lena n-áirítear:

  • Cumas Dátheangaigh Reatha an chomhlachta phoiblí
  • Tairiscint ghníomhach agus cothú éilimh
  • Polasaí Earcaíochta agus Socrúcháin an chomhlachta phoiblí – Poist a chur ar leataobh
  • Rochtain ar cháipéisíocht / foirmeacha iarratais
  • Comharthaíocht agus feiceálacht na Gaeilge ar an láthair oibre
  • Cruinnithe Poiblí
  • Riachtanais teanga sa Ghaeltacht
  • Láithreán Gréasáin
  • Córas Measúnaithe ar bhaint amach na spriocanna sa scéim
  • Monatóireacht agus tuairisciú ar dhul chun cinn
  • Poiblíocht ar an Scéim Chomhaontaithe

©Foilsithe ar Gaelport.com 6 Lúnasa 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Scoláireachtaí bronnta ar 31 duine chuig cúrsaí Gaeilge i gConamara

Tionól Cruthaitheach ar Athréimniú na Tíre á eagrú sa Bhoirinn

Maoiniú ar fáil do thaighde ar na meáin chumarsáide

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>