Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Scoil Samhraidh Merriman

$
0
0

Beidh na sluaite bailithe i Lios Dún Bhearna i mí Lúnasa le haghaidh Scoil Samhraidh Merriman, an fhéile bhliantúil atá mar institiúid i bhféilire an Chláir agus na tíre ó bunaíodh í sa bhliain 1967.

Reáchtálfar an scoil idir an Chéadaoin, 14 Lúnasa, agus an Domhnach, 18 Lúnasa na bliana seo. Is é Andy Pollak ón Lárionad Staidéir Trasteorann in Ard Mhacha atá mar Stiúrthóir na Scoile an samhradh seo.

Roghnaítear téama reatha don fhéile gach bliain a bhfuil tionchar mór aige ar chaomhnú chultúr na tíre agus téama na bliana seo ná Éire agus Ulaidh: ag dul a mbealach féin feasta?

Mar is ghnách, spreagfaidh téama na féile go leor díospóireachta thar an fhéile agus is cinnte go gcuirfidh na haoichainteoirí a beidh i láthair go mór leis an bplé. I measc na gcainteoirí beidh Ceannaire Fhianna Fáil, Mícheál Ó Máirtín, iarcheannasaí Státseirbhís Thuaisceart Éireann Sir Ken Bloomfield, Marian Harkin TPE, Príomháidh Eaglais an hÉireann, an tArdeaspag Richard Clarke, teachta parlaiminte pháirtí an Alliance d’Oirthear Bhéal Feirste Naomi Long, stiúrthóir Scoil Éacúiméinice na hÉireann Geraldine Smyth, agus na hiriseoirí Fintan O’Toole agus Dan O’Brien.

Príomhtheanga na scoile samhraidh ná an Béarla ach mar a dhéantar gach bliain, cuirtear an Ghaeilge san áireamh trí sheimineáir agus léachtaí Gaeilge a chur ar siúl do chách. I mbun léachtaí na bliana seo beidh Niall O Dochartaigh, Pól Ó Muirí, Póilín Ní Chiaráin, Cathal Goan agus Róise Ní Bhaoill.

Cé go gcuirfear béim ar na léachtaí agus na seimineáir, is iad an fhilíocht, an cultúr agus an teanga a bhí mar chroílár na scoile ó bunaíodh í mar chomóradh ar Bhrian Merriman, a chum an dán 'Cúirt an Mheán Oíche’ agus níl leasú ar bith ar an méid sin i mbliana. Ina measc siúd a bheidh ag ceiliúradh chultúr na filíochta beidh an Buaiteoir Nobel Seamus Heaney agus a chara agus a chomhfhile, Michael Longley, Gearóid Mac Lochlainn agus Leanne O’ Sullivan.

Beidh ceol, amhránaíocht agus rince ag Club Merriman sa tráthnóna ag a mbeidh na ceoltóirí iomráiteacha Jack Talty agus Cormac Ó Beaglaoich i mbun an cheoil.

Tá gach eolas ar an scoil samhraidh ar fáil ag: www.merriman.ie.

©Foilsithe ar Gaelport.com 6 Lúnasa 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

An Roinn Cosanta ag dréachtú an tríú scéim teanga

Loinneog Lúnasa i nGaoth Dobhair

Ceiliúradh an Bhlascaoid 2013

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>