Cloisfear scoth an cheoil ar fud chathair Dhoire an tseachtain seo chugainn nuair a reáchtálfar Fleadh Cheoil na hÉireann ó 11-18 Lúnasa 2013.
Baileoidh muintir cheol traidisiúnta na hÉireann i gcroílár na cathrach cultúrtha don chéad uair riamh i mbliana agus tá clár imeachtaí iontach spraíúil leagtha amach mar chuid de Sheachtain na Gaeilge a fhreastalóidh ar gach leibhéal le linn na féile.
Beidh imeachtaí, neart acu saor in aisce, ag titim amach i gCultúrlann Uí Chanáin agus áiteanna eile ar fud na cathrach gach lá le linn na féile idir léachtaí, thurais shiúil, dhíospóireacht, sheoladh leabhair agus thráth na gceist. Reáchtálfar campaí samhraidh do pháistí agus déagóirí óga na Fleidhe ó 11-16 Lúnasa.
Déanfar comóradh dhá bhliain Líofa 2015 a cheiliúradh sa Chultúrlann ar Dé hAoine, 16 Lúnasa áit a mbuailfear le tosaitheoirí ag glacadh páirte san fheachtas. Agus tabharfar spreagadh do dhaoine feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge ag dianchúrsaí a reáchtálfar thar 13 agus 14 Lúnasa a fhreastalóidh ar gach caighdeán ó bhunleibhéal go hardleibhéal.
Déanfar ceiliúradh ar sheantraidisiún oilithreachta a bhain le Colmcille i nDoire don dara huair le breis is ceithre chéad bliain ar an gCéadaoin, 14 Lúnasa nuair a thabharfar faoi Shlí Cholmcille agus cuirfear fáilte roimh chách páirt a ghlacadh sa turas gearr suimiúil ó Phort na Long go dtí an Teampall Mór.
Agus leanfar leis na seantraidisiúin cheilteacha a cheiliúradh ag Easparta, ceiliúradh ar thraidisiún litríochta agus cheol Gaelach diaga na hAlban agus na hÉireann in Ardeaglais Cholmcille, Doire le Salmairí Oileán Leodhais, Albain agus An Cór Gaelach, Domhnach Mór, Tír Eoghain.
Mar is iondúil ag an bhFleadh, beidh na sráideanna lán go béal le gach cineál ceoltóra idir óg agus aosta. Beidh clár speisialta de chlár BLAS de chuid BBC Raidió Uladh á chraoladh beo ó Victoria Market ar an Aoine agus beidh ceolchoirm speisialta, Dúchais Dhoire, ar siúl sa Chultúrlann an oíche chéanna a dhéanfaidh ceoltóirí cheantair Dhoire agus Dhún na nGall a cheiliúradh.
Beidh Fleadh Cheoil na hÉireann 2013 ar siúl ó 11-18 Lúnasa 2013.
Is féidir gach eolas ar na himeachtaí seo agus eile a fháil ag www.fleadhcheoil.ie agus www.facebook.com/foramphobalnagaeilge.
©Foilsithe ar Gaelport.com 6 Lúnasa 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Filí Éireannacha le páirt a ghlacadh i mBlas na hAlban
Loinneog Lúnasa i nGaoth Dobhair
O'Bheal - Filíochta le Proinsias Mac a’ Bhaird
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge