Ar gharbhchríoch na hAlban beidh na filí aitheanta Proinsias Mac a' Bhaird as Tír Chonaill agus Ceaití Ní Bheildiúin ag tabhairt aghaidh ag tús na míosa seo chugainn, áit a mbeidh an malartú cultúrtha Turas na bhFilí/ Cuairt nam Bàrd ar siúl ón 9–14 de mhí Mheán Fómhair na bliana seo.
I gcuideachta na bhfilí beidh an t-amhránaí agus an fidléir Eithne Ní Chatháin as Cill Dara agus an píobaire aitheanta Pádraic Keane as oirthear na Gaillimhe.
Is scéim Cheilteach sheanbhunaithe é Turas na bhFilí / Cuairt nam Bàrd agus gach bliain tugann filí Albanacha aghaidh ar Éirinn san earrach agus téann a gcairde Éireannacha anonn san fhómhar.
D’éirigh thar barr leis an gcéad chuid de Thuras na bhFilí i gceantar Iorrais agus Oileán Acla i Maigh Eo agus i mBaile Átha Cliath i mí Aibreáin na bliana seo. Tháinig an file aitheanta as Dún Éideann, Meg Bateman, an file Gillebrìde Mac Ille Mhaoil as Oileán Uibhist a Deas, an fidléir iomráiteach as na Garbhchríocha, Allan Henderson agus an t-amhránaí Gàidhlig as Oileán Uibhist a Deas, Sìneag Nic an t-Saoir, ar cuairt ar an tír seo mar chuid den malartú cultúrtha.
An mhí seo chugainn is cuairt filíochta a bheidh in ann don ghrúpa, agus iad ag taisteal siar ó dheas ó Inbhir Nis ar dtús go hoileán Benbecula d’ócáidí filíochta agus as sin chuig Port Rìgh ar an Oileán Sgìtheanach áit a reáchtálfar ceardlanna i scoileanna áitiúla. As an Oileán Sgìtheanach, tabharfar aghaidh ar Oileán Ratharsair, mar aon le Gleann Fhionghain agus Inbhir Pheofharain.
Eagraíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Fèisean nan Gáidheal an turas i gcomhpháirt lena chéile. Déanann an Turas ceiliúradh ar ár dteanga cheilteach agus tugann sé deis do mhuintir na Gaeilge agus na Gàidhlige siúil eile a chaitheamh ar na cosúlachtaí atá idir an dá chultúr agus blaiseadh a fháil ar theanga cheilteach eile, agus ar fhilíocht, ceol, agus amhránaíocht ón dá thraidisiún atá fite fuaite lena chéile.
Arís i mbliana beidh Turas na bhFilí/ Cuairt nam Bàrd ag cónascadh leis an bhféile mhór chultúrtha BLAS in Albain. Cuirfear tú leis an fhéile seo ar 4ú Meán Fómhair agus nuair a thiocfaidh na hÉireannaigh chomh fada leo beidh an fhéile seo faoi lán seoil i ngarbhchríocha na hAlban. Le linn na féile, eagrófar ócáidí cultúrtha in áiteanna éagsúla ina bhfuil Gaeilge na hAlban fós á labhairt go laethúil, agus tabharfar cuairt chomh maith ar dhúichí eile ar an mórthír.
Ar na filí agus ceoltóirí a bheidh ag glacadh páirte i dTuras na bhFilí 2013 in Albain beidh:
Proinsias Mac a' Bhaird: As Árainn Mhór, i gCo. Dhún na nGall do Phroinsias agus tá aithne mhaith air mar scríbhneoir próis agus filíochta den scoth. Bhain sé an chéad duais amach i gcomórtas filíochta Uí Néill sa bhliain 2010. Tá dhá chnuasach filíochta foilsithe aige agus tá duaiseanna Oireachtais bainte amach aige as a chuid próis.
Ceaití Ní Bheildiúin: Is as leithinis bheag Ros Eo i dtuaisceart Co. Bhaile Átha Cliath do Cheaití ach tá sí ag cur fúithi anois i gCorca Dhuibhne. Is múinteoir scoile agus scríbhneoir í agus scríobhann sí drámaí chomh maith. Ghlac Ceaití páirt i bhféile litríochta Gaeilge IMRAM agus is iomaí cnuasach filíochta atá foilsithe aici.
Eithne Ní Chatháin: Is as Cill Choca i gCo. Chill Dara don amhránaí agus don fhidléir Eithne Ní Chatháin. Bhí an-spéis ag Eithne sa cheol agus sna hamhráin agus í ag eirí aníos ina cailín óg. Tá sí ag casadh amhrán ar an sean-nós ó bhí sí deich mbliana d’aois agus bhí tionchar an-mhór ag laochra móra ceoil eile as Co. na Mí, Clann Uí Raghallaigh, ar a stíl.
Pádraic Keane: Is as Mearaí in oirdheisceart Chontae na Gaillimhe don phíobaire Pádraic Keane. Ní ón ghaoth ná ón ghrian a thóg Pádraic a chuid ceoil, ó tá saibhreas an cheoil go smior ag a theaghlach cáiliúil – píobaire cáiliúil is ea a athair, Tommy Keane, agus tá an-cháil ar a mháthair, Jacqueline McCarthy, mar cheoltóir ar an gconsairtín. Sa bhliain 2011, bronnadh Gradam Ceoil TG4 - Ceoltóir Óg na Bliana ar Phádraic.
Má tá tuilleadh eolais uait faoi Thuras na bhFilí, bí i dteagmháil le Brígíd Ní Ghríofa, brighid@comhdhail.ie.
©Foilsithe ar Gaelport.com 6 Lúnasa 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Loinneog Lúnasa i nGaoth Dobhair
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge