An tseachtain seo caite, bhronn an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich dámhachtainí ar 31 duine as Meiriceá Thuaidh chun staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge i gContae na Gaillimhe.
Ag an ócáid chéanna sin ar an gCeathrú Rua, i gContae na Gaillimhe, bhronn an tAire Mac Fhionnlaoich Dámhachtainí Gaeilge Fulbright ar bheirt mhac léinn as na Stáit Aontaithe chun Céim Mháistreachta sa Nua-Ghaeilge a chur i gcrích in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (OÉG).
Labhair Gaelport.com le Caitlín Myron duine den bheirt mhac léinn a bheidh ag tabhairt faoin máistreacht seo i mí Meán Fómhair.
Cé as thú?
Is as Páirc Orland mé i ndeisceart chathair Chicago, i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Le Caitlín mar chéad ainm ort, chuirfinn geall go bhfuil gaolta Éireannacha agat, an bhfuil?
Rugadh agus tógadh mo thuismitheoirí i Chicago, ach ba Éireannaigh iad a mhuintir. Ar thaobh m’athair, ba as Maigh Eo agus Loch Garman dá mhuintir, agus ar thaobh mo mhaime, is as Cocaigh do mo sheanmháthair, agus ba as Conamara do mo sheanathair, Marty Keane. I gcuimhne ar mo sheanathair, is Marty atá ar mo dheartháir freisin, agus tá seisean ag déanamh staidéar ar an antraipeolaíocht agus an Seapáinis san ollscoil faoi láthair.
Cén chaoi ar chuir tú spéis sa Ghaeilge an chéad lá riamh?
Toisc go bhfuil gaolta agam ar as Éirinn dóibh, chuir mé spéis i gcónaí i gcultúr na hÉireann. Théinn féin agus mo sheanathair chuig Ionad Cultúrtha na hÉireann (Gaelic Park) i Chicago go rialta.
Bhreathnódh seisean ar an bpeil agus ar an iománaíocht agus bhínn féin ag tabhairt faoi ranganna sa damhsa Gaelach. Cé go raibh neart Gaeilge scríofa timpeall orm san ionad sin, ní mórán Gaeilge a bhí le cloisteáil agam agus mé ag fás aníos. Chuaigh mé ar an ollscoil i South Bend, Indiana, chuig Ollscoil Notre Dame nuair a bhí mé 18 bliain d’aois. Rinne mé staidéar sa chéad bhliain ansin ar litríocht an Bhéarla agus ar léann na hÉireann, agus mhúscail sin mo chuid spéise sa Ghaeilge mar theanga.
Thug mé faoin nGaeilge sa dara bliain de mo chéim, le ranganna labhartha sa Ghaeilge agus ranganna i litríocht na Gaeilge. Nuair a chríochnaigh mé mo chéim, bhí an Béarla mar mhórábhar agam agus an Ghaeilge mar mhionábhar.
Cé hiad na múinteoirí a bhí agat go dtí seo?
Ó thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge bhí roinnt múinteoirí éagsúla agam. Ón tús, bhí Tara Mac Leod mar theagascóir agam agus is uaithi is mó a d’fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge ach cinnte chabhraigh na teagascóirí eile san aonad go mór liom freisin. Thaitin ranganna Sarah McKibben go mór liom, agus chabhraigh Brian Ó Conchubhair go mór liom freisin. Bhí an t-ádh orainn i Notre Dame go mbíodh teagascóirí Éireannacha éagsúla ar fáil gach bliain agus iad ar scoláireachtaí ag Coimisiún Fulbright.
Le mo linnse i Notre Dame, bhí Gráinne Ní Mhuirí, Marie Darmody, Nóirín Ní Laighin agus Ronan Doherty mar theagascóirí agus bhíodh oiread fuinnimh acu is go spreagfadh siad duine ar bith chun tabhairt faoin nGaeilge. Bhíodh ciorcail chomhrá, céilithe, agus tráth na gceisteanna eagraithe acu go minic, rud a chabhraigh go mór le húsáid na Gaeilge lasmuigh den seomra ranga.
Cad iad na deacrachtaí is mó a bhí agat agus tú ag foghlaim Gaeilge?
Is dóigh gurb é an freagra céanna a bheadh ag gach foghlaimeoir d’aon teanga ar an gceist sin. Is cinnte go raibh an gramadach deacair, ach cuirim féin an-spéis i gcúrsaí gramadaí. Nuair a bhí deiseanna úsáide ar fáil lasmuigh den seomra ranga, mar a bhíodh i Notre Dame bhí sé éasca go maith dúshlán na gramadaí a shárú. Ceann de na rudaí is mó a chabhraigh le mo chuid Gaeilge ná tréimhsí a chaitheamh in Éirinn ag labhairt as Gaeilge. Measaim gur tábhachtaí in amanna na deiseanna sin, chun tú féin a thumadh sa teanga, ná aon rud a fhoghlaimeoidh tú as leabhar.
An bhfuil teangacha eile agat?
Tá. Tá Béarla agam dar ndóigh, ach tá Spáinnis agam freisin, agus tá staidéar déanta agam ar litríocht na Spáinne.
An mbeadh fonn ort cur fút in Éirinn?
Bheadh sé ró-éasca freagra sciobtha a thabhairt ar an gceist sin agus a rá go dtaitneodh sé go mór liom cur fúm anseo, ach bheadh sé sin ag brath ar go leor rudaí éagsúla. Feicfimid! Is leor a rá ag an tráth seo go bhfuil mé an-chompordach anseo, agus go mbreathnaím ar an tír seo mar an dara baile agam.
Beidh mo chlann ag teacht ar cuairt chugam i mí Lúnasa; mar chuid de Thóstal na hÉireann tá tóstal Uí Chadhain eagraithe ag mo mhuintir i nGaillimh agus tiocfaimid ar fad le chéile chun sin a cheiliúradh ag deireadh na míosa seo. Tá mé ag súil go mór leis sin!
An bhfuil tú neirbhíseach faoin mháistreacht nua nó an bhfuil tú ag tnúth leis?
Is cinnte go bhfuil mé neirbhíseach go pointe, mar a bheifeá agus tú ag tabhairt faoi aon chúrsa nua. Níor thosaigh mise ach ag foghlaim Gaeilge trí bliana ó shin, agus beidh daoine eile sa rang liom le Gaeilge ón gcliabhán, agus mar sin bheadh faitíos orm nach mbeidh mo chuid Gaeilge labhartha chomh maith leosan. Tá mé ag ceapadh go mbeidh sé an-deacair ag an tús, ach tá mé ag súil go n-éireoidh go breá liom tar éis píosa.
Tá mé ag obair faoi láthair in Áras Shorcha Ní Ghuairim agus mé ag iarraidh barr feabhais a chur ar mo chuig Gaeilge labhartha sula dtosaíonn an cúrsa máistreachta. Ó thaobh na litríochta, measaim go bhfuil cúlra láidir go leor agam ón taobh sin. Scríobh mé mo mhiontráchtas do mo chéim ar Fhilíocht Sheáin Uí Ríordáin, faoi stiúir an Ollaimh Declan Kiberd, agus bheinn ag smaoineamh ar bhéim a chur ar an bhfilíocht nua-aoiseach don MA freisin.
Ar chaith tú mórán ama in Éirinn roimhe seo?
Tá roinnt ama caite agam anseo, nuair a bhí mé an-óg tháinig mé go hEirinn ar saoire le mo thuismitheoirí.
Nuair a bhí mé i mo dhéagóir, thapaigh mé an deis cuairt a thabhairt ar Chiarraí le haghaidh comórtas damhsa Gaelach. Rinne mé cúrsa sa Ghaeilge ar feadh ceithre seachtaine in Áras Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua dhá bhliain ó shin, agus chaith mé an tríú bliain de mo chéim ag staidéar an Bhéarla agus an léann Éireannach i gColáiste na Tríonóide. Chaith mé tréimhse seacht seachtaine ag obair an samhradh seo caite mar intéirneach le Foras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath.
Céard é an chanúint is deacra a thuiscint?
Níl aon cheist faoi sin, canúintí Ulaidh, go háirithe canúint Dhún na nGall.
An raibh tú in ann Gaeilge an Aire Stáit Dinny McGinley, T.D. a thuiscint gan stró?
Bhí. Bhí sé an-deas agus labhair sé go breá mall agus go breá soiléir buíochas le Dia!
Céard a mhaith leat a dhéanamh nuair a bheidh an mháistreacht críochnaithe agat?
Teastaíonn uaim gairm a bhaint amach trí Ghaeilge. Tá mé ag smaoineamh faoi láthair go dteastódh uaim a bheith i mo mhúinteoir Gaeilge ach chomh maith leis sin, tá sé ar chúl mo chinn agam go dteastódh uaim tabhairt faoi dhochtúireacht am éigin amach anseo, chun taighde comparáideach a dhéanamh idir litríocht an Bhéarla agus litríocht na Gaeilge.
Guímid gach beannacht ar Chaitlín lena cuid staidéar!
©Foilsithe ar Gaelport.com 6 Lúnasa 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Scoláireachtaí bronnta ar 31 duine chuig cúrsaí Gaeilge i gConamara
Coláiste na hÉireann - Institiúid Tríú Leibhéal nua as Gaeilge
Loinneog Lúnasa i nGaoth Dobhair
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge