Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

An dlúthdhiosca Báidín Fheidhlimí le buachan

$
0
0

Tá Gael Linn ag ceiliúradh 60 bliain ar an bhfód i mbliana agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar sin tá dlúthdhiosca gleoite dar teideal ‘Báidín Fheidhlimí’ eisithe acu agus an tseachtain seo beidh deis iontach ag duine cóip den dlúthdhiosca seo a bhuachan.  

Is bailiúchán atá anseo de cheirníní singil a d’eisigh Gael Linn idir 1968 agus 1980. Cloistear cuid de na hoirfidigh óga a bhain cáil amach níos déanaí- Dónal Lunny, Paul Brady, Clannad, muintir Uí Dhomhnaill mar aon le go leor eile.

Amhráin nua-scríofa agus leaganacha nua de roinnt seanamhrán atá anseo. Chuaigh na ceirníní i bhfeidhm go mór ar phobal na linne. Go deimhin, bhain ‘Baidín Fheidhlimí’ agus ‘An Poc ar Buile’ áiteanna amach sna cairteacha.

Tagann tú ar rudaí suimiúla anseo- gurbh é Roger Whitaker a scríobh an ceol don amhrán ‘Cóilín’, go raibh Neil Jordan agus Niall Stokes ag tionlacan ar ‘An Damhán Alla’ agus ‘An Cailín Álainn’, go raibh Niall Tóibín agus Jim Doherty ag plé le hamhráin Ghaeilge.

Spreagfaidh an t-albam seo cuimhní go leor den tréimhse ina raibh bailéid i mbarr a réime sna tithe tábhairne agus i gclubanna na tíre. Ba iad Emmet Spiceland an chéad ‘boyband’ Éireannach lena gcultacha faiseanta agus stíl ghruaige. Chuir Skara Brae go mór leis an amhránaíocht as Gaeilge lena gcomhcheol binn.

Sa leabhrán a ghabhann leis an albam, tugtar focail na n-amhrán go léir, rud a chuideoidh le daoine ar mian leo na hamhráin a fhoghlaim. Is díol suntais na grianghraif de na hoirfidigh agus clúdaigh ealaíonta na gceirníní atá sa leabhrán freisin. Tá na nótaí scríofa ag Shay Healy agus Nioclás Ó Cearbhalláin.

Cnuasach speisialta é seo a thugann le chéile grúpaí agus stíleanna ceoil atá lán le beocht agus sofaisticiúlacht a linne.

Ceist na seachtaine seo:

Cé méid bliain ar an bhfód atá Gael Linn ag ceiliúradh i mbliana?

a) 100
b) 25
c) 60
d) 75

Seol freagraí agus ainm do scoile chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 20 Lúnasa 2013 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.

Comhghairdeas le Matt Mac Cárthaigh as Co. Chiarraí a bhuaigh duais an eagráin seo caite.

Tá ‘Báidín Fheidhlimí’ ar fáil anois i siopaí ceoil agus ag www.gael-linn.ie

Foilsithe ar Gaelport.com 6 Lúnasa 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Scoil Samhraidh Merriman

Loinneog Lúnasa i nGaoth Dobhair

Ceiliúradh an Bhlascaoid 2013

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>