Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Curiarracht dhomhanda don Chomhrá Gaeilge is faide riamh

$
0
0

Tá sé beartaithe ‘COMHRÁ 24/7’, curiarracht dhomhanda don chomhrá Gaeilge is faide riamh ar domhan a eagrú mar chuid de Bhliain na Gaeilge!

Ó sheol an iar-thráchtaire agus an aoi spóirt Micheál Ó Muircheartaigh ‘Bliain na Gaeilge 2013’ ag ócáid stairiúil i nDaingean Uí Chúis in iarthar Chiarraí le linn oíche chinn bliana anuraidh tá na céadta imeachtaí eagraithe ar fud fad na tíre seo agus thar lear mar chuid de cheiliúradh 'Bliain na Gaeilge'.

Tá sraith de thóstail idirnáisiúnta agus d’imeachtaí áitiúla chomh maith le féilte, ceolchoirmeacha, imeachtaí spóirt, ceol, drámaíocht, litríocht agus damhsa ar bun ar son na Gaeilge ar fud na tíre i gcaitheamh 2013 agus ar ndóigh feachtas úr Gaeilge an Chumann Lúthchleas Ghael nascaithe leis an gceiliúradh mór seo agus anois tá dúshlán nua ann don phobal Gaeilge ar fud na cruinne.

Tá sé beartaithe ‘COMHRÁ 24/7’, curiarracht dhomhanda don chomhrá Gaeilge is faide riamh ar domhan a eagrú mar chuid de Bhliain na Gaeilge!

Go bunúsach, beidh grúpaí éagsúla ar fud an domhain ag eagrú ciorcail chomhrá ar feadh uair a chloig agus beidh siad ar fad san áireamh i gClár ama a leanfaidh ar feadh seachtaine GAN STAD ó 29 Meán Fómhair go dtí 6 Deireadh Fómhair 2013.

Beidh an comhrá sruthaithe beo ar leathanach idirlín faoi leith agus beidh deis ag an bpobal ar fud an domhain páirt a ghlacadh trí twitter le #comhra247.

Is féidir d’uair a chloig (nó níos mó) a chur in áirithe anois …

Is féidir an dáta, agus an uair (nó na huaireanta) atá i gceist ag do ghrúpa a chur chuig  comhra@cnag.ie  nó glaoigh ar +353 (0)1 4757401
 
B’fhiú teagmháil a dhéanamh le comhra@cnag.ie  do COMHRÁ 24/7 chomh luath is gur féidir leis an uair a chloig (nó níos mó) is mó atá ag teastáil ó do ghrúpa a chur in áirithe.
 
Tá liosta ollmhór d’imeachtaí éagsúla mar aon le háiteanna ina bhfuil Gaeltacht nó Cumainn Ghaelacha bunaithe agus a ndéanann na Gaeil freastal orthu, ar fáil ag www.gaeilge2013.ie

Is féidir teacht ar a thuilleadh eolais maidir le Bliain na Gaeilge 2013 ar www.facebook.com/gaeilge2013  nó ar Twitter @gaeilge2013.

© Foilsithe ar Gaelport.com 12 Lúnasa 2013


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>